An Chaint
An bhfuil tú ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i do shaol?
Bíodh ‘An Chaint’ agat. D’fhéadadh sé a bheith le cara, le comhghleacaí nó le duine i do theaghlach.
Is éard atá i gceist leis An Chaint ná feachtas atá dírithe ar dhaoine a chur ag machnamh faoi úsáid na Gaeilge ina saol féin.
Má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil Gaeilge aige nó aici agus bíonn sibh ag labhairt as Béarla lena chéile, bíodh an Chaint agaibh.
‘Tá Gaeilge agat nach bhfuil?’
‘Tá, go deimhin.’
‘Tuigim nár labhair muid le chéile cheana í, ach cén fáth nach dtosaíonn muid?’
‘Ceart agat, tosóimid anois.’
Más foghlaimeoir thú bíodh an Chaint agat le cur le do chuid cúpla focal.
‘Tá Gaeilge agat nach bhfuil?’
‘Tá, tá cúpla focal agam ar aon nós.’
‘Is foghlaimeoir mé, ach ba bhreá liom feabhas a chur ar mo chúpla focal féin.’
‘Suígh síos leat mar sin.’
Agus sin í an Chaint. Bíodh sí agat.
_______________________________________________________________________________________________
Are you looking to use more Gaeilge in your life?
If so, then you should have ‘An Chaint.’ It can be with a friend, colleague or family member.
An Chaint is a campaign which aims to encourage people to think about the use of Irish in their daily lives. If you are friendly with a person who speaks Gaeilge but who you usually talk with in English, you should have An Chaint.
‘You speak Irish don’t you?’
‘I do.’
‘I know we have never spoken it together before, but why don’t we start?’
‘Yeah, let’s give it a go.’
If you are learning Irish, have An Chaint to add to your cúpla focal.
‘You speak Gaeilge do you not?’
‘I do, only a small bit though.’
‘I’m learning myself and I’d love to add to my cúpla focal.’
‘Sure take a seat so, we’ll give it a try.’
And that is An Chaint. Give it a go.