Na Ceanneagraíochtaí
Déantar cur síos san alt seo ar na sé cheanneagraíocht Gaeilge.
Tá sé cheanneagraíocht maonaithe ag Foras na Gaeilge. Díríonn gach ceann de na sé cheanneagraíocht isteach ar shainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre. Bíonn na ceanneagraíochtaí ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin.
Is iad Gaeloideachas Teo, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin.
Gaeloideachas Teo
Is eagraíocht í Gaeloideachas Teo a thacaíonn leis an nGaeloideachas – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus meánscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht.
Conradh na Gaeilge
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus cúrsaí oideachais go dtí forbairt na meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Cumann & Coláiste na bhFiann
Is í an phríomhaidhm atá ag Cumann & Coláiste na bhFiann ná deiseanna úsáide na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga lasmuigh den scoil. Cabhraíonn seo le nósmhaireacht a chothú iontu, an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta.
Gael Linn
Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.
Glór na nGael
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga trí chomórtas idir grúpaí pobail. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael I dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Oireachtas na Gaeilge
Faoi láthair reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna a bhí, chomh maith le Comórtas Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán eile. ‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ de chuid lucht rialaithe na hÉireann an chiall a bhí leis an bhfocal `oireachtas` sa 7ú haois. Go dtí an lá atá inniu ann leanann Oireachtas na Gaeilge de thraidisiún uasal an tionóil agus na díospóireachta, a bhunaigh ár sinsir na céadta bliain ó shin, ag cur fáilte roimh óg agus aosta, scríbhneoirí, filí, amhránaí, damhsóirí, ealaíontóirí, scéalaithe, aisteoirí, aithriseoirí, cumadóirí ceoil agus amhráin, ceoltóirí agus pobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024