Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Is iomaí buntáiste atá ann dóibh siúd a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu.Seo a leanas roinnt buntáistí atá ann dóibh siúd a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge
Nuair a thógtar trí Ghaeilge, tá buntáistí luachmhaire á dtabhairt dóibh ó thaobh:
- A bheith in ann léamh agus scríobh
- Níos mó teangacha a fhoghlaim
- Scileanna cumarsáide a fhorbairt
- Deiseanna fostaíochta sa todhchaí
- Cairde nua a dhéanamh
- Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide).
- A bheith páirteach sa ghlúin nua Gaeilgeoirí
- Buntáistí eacnamaíochta
Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:
- Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
- Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
- Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
- Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
- An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
- Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.
Chomh maith leis na cúiseanna seo ar fad tá buntáistí breise ann do pháiste má fhreastalóinn sé/sí ar scoil lán-Ghaeilge. De réir taighde ar an oideachas dátheangach seo a leanas cuid de na torthaí do na daltaí a théann tríd an gcóras:
- Déanann siad níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002)
- Éiríonn leo an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim níos éasca (Cenoz & Valencia 1994)
- Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002)
- Feabhas ar fheidhmiú cognaíochta ó thaobh cruthaíochta agus ábaltacht cumarsáide de (Bialystok et al. 2005)
- Torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa mhatamaitic (Foras Taighde ar Oideachas, 2011)
- Tuiscint níos fearr ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar spiorad pobail (Baker, 2003)
- Féinmheas níos airde (Baker, 2003)
- Cuireann oideachas dátheangach le torthaí acadúla, scileanna cruthaitheacha agus féinmheas sna daltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
- Scileanna cumarsáide agus sóisialta níos fearr (Cummins, 2000)
Foinse > http://www.foras.ie/irish-medium-education/what-is-irish-medium-education/
Léigh tuilleadh faoi bhuntáistí oideachais trí Ghaeilge anseo
Foinsí eile:
https://www.irishtimes.com/news/education/i-would-encourage-anyone-to-study-through-irish-1.3415719
http://educationmatters.ie/wp-content/uploads/2017/02/Vision-for-the-Irish-Language.pdf
https://www.curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Gaeilge/Irish-and-Key-Skills