Naíonraí
Is éard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa lá) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra. Cuirtear béim faoi leith ar fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, shóisialta, mhothúchánach agus teanga an pháiste. Déantar é seo trí mheán an spraoi agus na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, spreagúil agus tacúil.
Tá Naíonraí bunaithe ar fud fad na tíre. Tá léarscáil déanta amach ag ‘Gaeloideachas’ leis an Naíonra is gaire duit a aimsiú. Is féidir teacht ar an liosta sin anseo.
Tá eagraíocht na Naíonraí Gaelacha ann chun gréasán de naíonraí a bhunú ar fud na tíre, chun comhordú a dhéanamh ar ghnóthaí na Naíonraí Gaelacha agus chun comhthuiscint an phobail a lorg ar aidhmeanna agus ar mhodhanna na Naíonraí Gaelacha.
Is í Gráinne Uí Mhaolagáin atá mar Chathaoirleach na heagraíochta. Is féidir Naíonraí Gaelacha a aimsiú ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chuig naionraigaelacha@gmail.com
Is eagraíocht í Gaeloideachas a thacaíonn leis an nGaeloideachas ó thaobh réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus meánscolaíochta lasmuigh den Ghaeltacht de.
Is eagraíocht tacaíochta reigiúnach í Altram do thionscadail oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge. Bunaíodh sa bhliain 1990 é ag naíscoileanna i nDoire, i mBéal Feirste, in Ard Mhacha agus san Iúir. Cuireadh Altram ar bun chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge, caighdeán an tsoláthair oideachais san earnáil a fheabhsú, agus béim a chur ar thábhacht an tsoláthair sin trí mheán na Gaeilge. Oibríonn Altram go dlúth le naíscoileanna atá ann agus le naíscoileanna atá ag teacht chun cinn.
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhís luathoideachas leanaí a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na Naíonraí i gceantair Gaeltachta.