Seachtain na Gaeilge le Energia
Déantar cur síos san alt seo ar Sheachtain na Gaeilge le Energia.
An fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain!
Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.
Tugtar deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge tríd a bheith páirteach san fhéile, idir chainteoirí dúchasacha, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíne agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.
Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge le Energia – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
Ritheann Seachtain na Gaeilge ón 1 go dtí an 17ú de Mhárta gach bliain.
Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge in 1902 agus an branda sin aitheanta go forleathan i measc mhórphobal na hÉireann. D’imigh an fhéile ó neart go neart le blianta beaga anuas, agus mar sin beartaíodh an fhéile a shíneadh amach go tréimhse coicíse ach níor athraíodh an t-ainm mar go n-aithnítear an t-ainm go forleathan
Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fhéile i go leor slí:
- Imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge – tá go leor smaointe agus moltaí ar fáil ar snag.ie/imeachtai
- Freastal ar imeacht Sheachtain na Gaeilge – Bíonn liosta de na himeachtaí ar fad ar fáil ar ár suíomh seo gach bliain
- Bain níos mó úsáide as an nGaeilge le linn na féile: sa bhaile, le do chairde, ar an nguthán, i do ríomhphoist agus poist ar na meáin shóisialta – bíonn acmhainní ar fáil le cuidiú leat ar snag.ie/acmhainni
- Féach ar na cláir teilifíse, éist leis na cláir raidió agus léigh na nuachtáin a bheidh ag déanamh scéalta faoin bhféile agus faoin nGaeilge féin le linn na féile
- Ceannaigh clár oifigiúil na féile a eisítear leis an Irish Independent gach bliain, an t-aon áit a mbeidh liosta iomlán na n-imeachtaí curtha i gcló agus chomh maith leis sin, beidh ailt, agallaimh, míreanna spóirt, ceoil agus teicneolaíochta. Is iris dátheangach í seo atá iontach d’fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairtí nua maidir leis an nGaeilge.
Le tuilleadh smaointe a fháil, is féidir súil a chaitheamh ar snag.ie
Uasdátaithe: Bealtaine 2024