Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Tá sraith d’acmhainní físeáin forbartha ag Institiúid Oideachais Marino (IOM) chun tacú le daltaí atá ag staidéar dá scrúduithe Gaeilge Ardteistiméireachta. Tá 15 fhíseán spéisiúla sa tionscnamh a dtugtar JAMIE air (acrainm Béarla a sheasann do Jump-start at Marino Institute of Education).Tá gach físeán dírithe ar ghnéithe éagsúla de scrúdú Ardleibhéil Gaeilge na hArdteistiméireachta.
Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tacú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.
Is eagraíocht é Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an nGaeloideachas – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus meánscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht.
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí pobail. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael I dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Is grúpa tuismitheoirí iad “Tuismitheoirí na Gaeltachta” a tháinig le chéile i 2011. Is eagraíocht dheonach í a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá siad ar fáil ar Facebook (Tír Chonaill nó Conamara) nó ag tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com
Comhairle don Churaclam, Scrúduithe agus Measúnú
Cuirtear eolas ar fáil maidir leis na háiseanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeloideachas agus gach réimse den oideachas ó chúrsaí teanga go hábhair idirgníomhacha ar nós drámaíocht na Gaeilge agus cluichí oideachais.
Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn againn chun tacú le tuismitheoirí.
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta.
Seirbhísí obair óige trí Ghaeilge. Clubanna agus Campaí Gaeilge do dhaoine óga in Éirinn.
Is óg-eagras neamhbhrabúsach é Spleodar a ritheann cúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chonamara le linn an tsamhraidh. Is cúrsaí tumoideachais a bhíonn i gceist le Spleodar. Déanann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cigireacht ar na tithe ina bhfanann na scoláirí le cinntiú go leantar na rialacha atá leagtha síos acu.
Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm againn an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill ár gclubanna.
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó ar fud na tíre. Eagraíonn sé clubanna óige Gaeilge seachtainiúla chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugtar deis leis seo do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ar leibhéal sóisialta. Soláthraíonn Cumann na bhFiann deiseanna do dhaoine óga teacht le chéile trí mheán na Gaeilge agus líonraí cairde labhartha na Gaeilge a chruthú ar fud na tíre.
Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht.
Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas. Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i dTír an Fhia, Leitir Móir, Co na Gaillimhe; agus tá fo-oifigí againn i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí.