Leabhair Ghaeilge
Cén áit ar féidir leat teacht orthu?
Tá Siopa Leabhar ag Conradh na Gaeilge in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, atá oscailte ó 9.30 – 17.30 Luan go hAoine agus 10.00 – 16.00 ar an Satharn. Tá siopa ar líne acu ag siopaleabhar.com agus seolann siad leabhair amach sa phost go náisiúnata agus go hidirnáisiúnta.
Díolann Litríocht réimse leathan de leabhair Ghaeilge éagsúla ar líne, agus is féidir iad a sheoladh chugat tríd an bpost.
Is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí, lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in mBéal Feirste. Osclaíonn siad ó 9:00 go 17:30 Luan go hAoine, agus ó 9:30 go 17:00 ar an Satharn.
Díolann Loveleabhargaeilge.com réimse de leabhair Ghaeilge do pháistí agus daoine fásta.
Tá An Siopa Gaeilge lonnaithe i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall. Tá Oideas Gael i bhfeighil air, grúpa atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta ó 1984. Tá rogha ábhair acu atá oiriúnach don fhoghlaimeoir agus don mhúinteoir, i dteannta le hábhair do pháistí agus acmhainní ceoil thraidisiúnta.
Cuireann Gaelchultúr rogha leabhair ar fáil, i dteannta le dlúthdhioscaí, cártaí beannachta, t-léintí agus cluichí.
Féilte, imeachtaí agus clubanna
Is féile litríochta bliantúil í Imram, a bunaíodh í 2014. Tá sé mar aidhm ag an bhféile leabhair agus litríocht Ghaeilge nua-aimsire a chur chun cinn trí imeachtaí éagsúla a cothú ar fud Bhaile Átha Cliath.
Bhunaigh Gaeltchultúr Teo. Clubleabhar.com i 2004. Spreagann an tionscamh daoine in Éirinn agus ar fud an domhain chun club leabhar a bhúnú do leabhair Ghaeilge. Cuireann an suíomh leabhar amháin chun cinn in aghaidh na míosa, agus cuireann sé árdán ar fáil ionas go mbeidh daoine in ann na leabhair a phlé agus go chun tacaíocht a thabhairt dóibh
15 leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta
Seo roinnt moltaí ón ngréasán ‘Múinteoirí Gaeilge d’Aosaigh’:
- Éalú, Áine Ní Fhoghlú
- Dúnmharú ar an Dart, R Ó Báille
- Tuairimí, Honor Mhic Giolla Chlaoin
- An Geall, Liam Mac Uistín
- An Mianadóir, Jackie Mac Donncha
- An Strainséir, Brian Ó Tiomáin
- An Gaeilgeoir Grámhar le hAlan Desmond
- Teach na gColúr le hAisling Ní Leidhin agus Liam Mac Amhlaigh
- Fianaise le Mícheál Ó Ruairc
- Cathair an Tíogair le Feargal Ó Dubhghaill
- Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton
- Bóthar na Rós le hOrna Ní Choileáin
- Fadó Riamh… ag an Tús, Áine Ní Ghlinn
- An Jailtacht: Dialann Emily Porter, Richie Conroy
- Leathbhádóirí, Marie Whelton
Foilsitheoirí
Seo thíos liosta de na comhlachtaí foilsiúcháin éagsúla agus a gcuid sonraí.
An Gúm
Foislitheoir leabhar Gaeilge an Stáit – leabhar do dhaoine óga, páistí, leabhair scoile agus foclóirí don chuid is mó a bhíonn á chur i gcló acu.
An Sagart
pof@diseart.ie
Foilsíonn An Sagart leabhair léinn, sraitheanna agus irisí léannta chomh maith le nua-litríocht idir phrós, fhilíocht, spioradáltacht, dhiagacht agus dhrámaíocht.
Dalen Éireann
Foilsíonn Dalen Éireann Asterix agus Tintin i nGaeilge agus i dteangacha Ceilteacha eile
An tSnáthaid Mhór
Leabhair Ghaeilge do dhaoine óga agus do pháistí léirithe le pictiúirí galánta.
Cló Chaisil
Leabhair bunaithe ar ábhar spioradálta.
Cló Iar-Chonnachta
Foilsíonn Cló Iar-Chonnacht leabhair i nGaeilge agus ceol Gaelach. Díolann siad réimse leathain leabhair agus albaim ar ár suíomh idirlín agus ón siopa leabhar i gConamara.
Cló Mhaigh Eo
Leabhair galánta do ghasúir agus do dhaoine óga.
Coiscéim
Foilsitheoirí chun tosaigh agus leabhair ghinearálta as Gaeilge á chur i gcló acu. Na mílte teidil i gcló acu idir phrós agus filíocht nua-aimseartha as Gaeilge.
Cois Life
Litríocht agus ábhar acadúla.
Cumann na Scríbheann nGaedhilge
Cumann na Scríbheann nGaedhilge
Tá leaganacha dea-scríofa, dea-aistrithe agus eagraithe de shaothair os cionn céad bliana d’aois á chur i gclóg ag Cumann na Scríbheann nGaedhilge.
Éabhlóid
www.eabhloid.comCuireann Éabhlóid ábhar Gaeilge ar fáil trasna na meáin scríofa, físe agus fuaime. Foilsíonn siad leabhair do dhaoine fásta agus do phaistí.
Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS)
Foilsitheoirí a chuireann leabhair spioradálta agus irisleabhar An Timire i gcló.
Futa Fata
Lipéid ceoil agus foilsitheoir ag cur leabhar agus dlúthdioscaí ar fáil as Gaeilge do dhaoine óga agus páistí.
Leabhar Breac
Litríocht ar ardchaighdéan as Gaeilge.
LeabhairCOMHAR
Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an gcomhlacht seo scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach agus tá sraitheanna nua leabhar á bhforbairt aige faoi láthair.
Móinín
Litríocht as Gaeilge agus as Béarla do pháistí agus do dhaoine fásta.
Oidhreacht Chorca Dhuibhe
Speisialtóirí ag cur leabhar agus dlúthdioscaí i gcló a bhaineann go dlúth le Gaeltacht Chiarraí.
Púca Press
www.pucapress.com Comhlachta beag foilseachán ag cur leaganacha speisialta leabhar lámh clóite i gcló ar fáil as Gaeilge agus i dteangacha eile.
Sáirséal Ó Marcaigh: Cló Iar-Chonnachta
Faoi bhrat Chló Iar-Chonnachta a bhunaíodh atá Sáirséal-Ó Marcaigh. Bunaíodh an comhlacht ar dtús faoin ainm Sáirséal agus Dill, a chuir saothair an-chuid filí agus scríbhneoirí mór le rá san fhichiú haois.