![Seirbhísí trí Ghaeilge inár nEolaire Gnó](https://peig.ie/wp-content/uploads/2024/05/leathchearnog.jpg)
10 bhFáth le Clárú dár nEolaire Gnó
Féach ar cé chomh luachmhar is atá sé Gaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó, agus é sin a chur in iúl do chustaiméirí in ár nEolaire Gnó.
I ndáiríre, seo 10 bhfáth gur chóir Gaeilge a úsáid i gcúrsaí ghnó, ach má tá Gaeilge á úsáid agat, cén áit is fearr chun é sin a chur in iúl dod chustaiméirí ná ar ár nEolaire Gnó.
Deich bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:
- Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
- Tá Gaeilge ag go leor daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
- Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
- Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
- Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
- Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith do chomhlachtaí in áit an mhargaidh.
- Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
- Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
- Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí, agus tugann sé léargas ar chultúr na hÉireann dóibh.
- Tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.
Tá an t-eolas seo bunaithe ar thaighde Millward Brown ón mbliain 2015. Tuilleadh eolais anseo.
Eolas Breise
Féach thíos ar eolas ábhartha eile:
Uasdátaithe: Bealtaine 2024