Tá mearbhall ar idir chraoltóirí agus shochtheangeolaithe faoi dhuais nua atá le bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana – ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.
Fógraíodh an gradam nua le déanaí agus é mar aidhm ag lucht an Oireachtais aitheantas a thabhairt do chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte”.
Dúirt an léachtóir agus iarchraoltóir aitheanta Norita Ní Chartúir le Tuairisc.ie gur chuir sí fáilte roimh an ngradam ach go raibh sé “truamhéalach ach réalaíoch” go bhfuil a leithéid ag teastáil agus í den tuairim go raibh sé “an-deacair” sárchraoltóir sna meáin Ghaeilge a fháil.
Ach dar le roinnt mhaith Gael ar Twitter, craoltóirí de chuid RTÉ RnaG ina measc, tá sé “aisteach” go bhfuil a leithéid de ghradam le bronnadh ag an Oireachtas.
Níor thuig mise seo ach oiread- nach sin bunchloch na craoltóireachta?!
— Siún Ní Dhuinn (@Siuners) August 5, 2020
Iontas orm a leithéid de ghradam a bheith ann . Iontas orm fosta gur fir ar fad agus cainteoirí le canúint Chonnachta a moladh san alt .
— Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) August 5, 2020
Aisteach go leor. Céard is solabharthacht ann? Déarfadh an duine niogóideach go mbeadh freagra na ceiste sin ag an té a bhfuil sé acu. Leibhéil éagsúla Íde-eolaíochta teanga le cíoradh san alt sin
— Oisín Montanari (@OMontanari) August 5, 2020
Dúirt an sochtheangeolaí as Gaeltacht na nDéise, Noel Ó Murchadha, go bhfuil sárchraoltóirí ann sna meáin Ghaeilge i láthair na huaire, ach go bhfuil sé “níos tábhachtaí aitheantas a thabhairt do dhaoine as an obair a dhéanann siad seachas as an mbealach a labhraíonn siad”.
Ait an gradam é seo. Cosúil le rud a fhoilseofaí in Ar Son na Cúise. Tá sárchraoltóirí deisbhéalacha againn a léiríonn gur mó slí le bheith soiléir, snasta, saibhir srl. B’fhiú go mór díriú ar an obair a dhéanann siad seachas ar an tslí a labhraíonn siadhttps://t.co/LboXCFH8rO
— Noel Ó Murchadha (@NoelOMurchadha) August 5, 2020
Mhaígh daoine eile go raibh dearcadh sotalach ag baint le cuid de scéal an ghradaim nua agus gurb amhlaidh go gcuirfí faitíos ar dhaoine an Ghaeilge a úsáid.
Dúirt Órla O’Donnell, iriseoir de chuid RTÉ News, go raibh “an meon céanna” ann nuair a thosaigh sí ag obair le Teilifís na Gaeilge breis is 20 bliain ó shin.
Ní maith liom é seo ar chor ar bith. An saghas dearcadh a bhí ann nuair a thosaigh mé le TNaG i 1996…..
— Órla O’Donnell (@Orlaodo) August 5, 2020
Sin é go díreach é faoin nGradam nua seo- an é sin an pointe?! https://t.co/g75jrycjaq
— Siún Ní Dhuinn (@Siuners) August 5, 2020
Ró-mhinic tá an iomarca plé á dhéanamh ar ghramadach agus nathanna cainte, agus níl trácht ar bith gur scéal an lae inné atá faoi chaibideal acu… rud a dhéanann ceap magaidh de nuacht. Tá an dá rud an-thábhachtach, ach níl ach ceann acu ag fáil aon aird.
— MáireT (@MaireTNC) August 5, 2020
Mheas Páid Ó Donnchú, a bhíonn i mbun tráchtaireachta ar líne go minic faoi chás na teanga, go raibh ciall leis an ngradam nua agus gurb amhlaidh go mbíonn an iomarca duaiseanna á mbronnadh ar iriseoirí na Gaeilge.
Tá an ceart ag Norita, creidim féin. Tá sé pianmhar, scaití, do chainteoirí maithe ag éisteacht do mo leithéidse.
I bhfad an iomarca gradaim tugtha amach chuig iriseoirí na Gaeilge IMTP, ach géarghá leis an gceann seo.
— Páid Ó Donnchú (@donnchup) August 5, 2020