Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ni-bhuailfeadh-tada-cois-fharraige-ar-la-brea-–-treoir-don-turasoir

Ní bhuailfeadh tada Cois Fharraige ar lá breá – treoir don turasóir

| aifric ni scolai | ,

Fiú má tá chuile áit mar a chéile ar an aimsir seo, ní bhuailfeadh tada Cois Fharraige ar lá breá. Fág sluaite chathair na Gaillimhe i do dhiaidh agus tug d’aghaidh siar ar Chois Fharraige. 

Agus tú ag taisteal siar, ó Bhearna siar go Ros an Mhíl, is i gceantar Gaeltachta Chois Fharraige atá tú. Ní bheidh tú ariamh ach cúpla céad slat ón bhfarraige, agus radharc breá amach ar chontae an Chláir agus Oileáin Árann agat ar feadh an bhealaigh. Níl gá ach casadh ar chlé síos ceann de na bóithríní beaga agus tiocfaidh tú ar chladach nó ar thrá, agus iad go minic fút féin agat. 

Tiocfaidh tú ar cheann de na tránna seo agus gan Cnoc na Cathrach ar éigin fágtha i do dhiaidh agat. Tá Trá na gCeann ar an taobh thoir de Bhearna agus tá siúlóid bhreá le déanamh ann, agus i gCoill Bhearna freisin. Ach má tá tú le turas a dhéanamh go Cois Fharraige tá sé chomh maith agat coinneáil ort siar mar is ar éigin go mbeadh an chathair fágtha ar chor ar bith agat (is féidir stopadh ann ar an mbealach ar ais go Gaillimh – tá cúpla áit dheas ann le greim a fháil).

Siar leat mar sin go sroichfidh tú an Spidéal. Is ann a thiocfaidh tú ar Thrá na mBan (nó an Dumha Mhór). Tá siúlóid dheas ghearr le déanamh ansin, idir é agus an tSean-Chéibh. Nuair a bheidh an tsiúlóid sin déanta agat, feicfidh tú an rogha bhreá bialanna agus caiféanna atá sa Spidéal, An Builín Blasta agus Rúnda, gan ach péire acu a lua.

Má tá fonn ort a dhul ag siopadóireacht, tá Tigh Standúin agus an Cheardlann os do chomhair amach. Grúpa stiúideonna ceardaíochta agus ealaíon atá sa gCeardlann agus is iomaí rud éagsúil agus nuálach atá le feiceáil agus le ceannacht ann. 

Níl aon ghanntanas tithe tábhairne ann ach an oiread, más rud é nach tú atá ag tiomáint. Feicfidh tú ar feadh an bhealaigh siar freisin go bhfuil teach tábhairne lonnaithe chuile chúpla mile, mar sin ní fada uait do chéad phionta eile riamh. Is furasta a aithint go bhfuil said oscailte agus na pubaill bhána taobh amuigh, réitithe don ól faoin aer. 

Bíonn an-tóir ar an Trá Mhór ar an gCoill Rua. Tá sé in aice le Siopa an Phobail agus tá sé éasca beatha a cheannacht ansin le bheith agat mar phicnic ar an trá. Ach má théann tú beagán níos faide siar, is féidir dul síos cois cladaigh agus siúlóid a dhéanamh ar na clocha duirlinge. Beidh do rogha tránna ansin agat, agus píosa breá siúil. 

Mura siúlóid ar chlocha duirlinge ach ar chosán atá uait, tá bóithre portaigh ar an Locháin Bhig ar ar féidir do chosa a shíneadh amach ceart. Ceann de na háiteanna is deise leis an tsiúlóid seo a dhéanamh ná bóthar Chlochar na gCon. Téann bóthar an phortaigh siar chomh fada le Lodge Chroimghlinne agus is féidir siúl as sin go dtí an príomhbhóthar, agus ciorcal a dhéanamh ar an gcaoi sin. Feicfidh tú radharc iomlán difriúil ar Chois Fharraige agus tú ag breathnú anuas air ón aird. 

Áit amháin a gcaithfear cuairt a thabhairt air ná an Pota Café, caifé nua a osclaíodh ar an Tulaigh le deireanas. Tá togha na beatha áitiúla ann, agus cloisfidh tú neart Gaeilge san áit, idir fhoireann an chaifé agus muintir na háite a bhíonn ag bualadh isteach chucu. Ní bhíonn said oscailte ach ón 12-4 ón Déardaoin go Domhnach, ach mholfainn go mór dul ann. 

Agus tú ag teacht chun deireadh an turais seo trí Chois Fharraige, tá cúpla rogha agat. Is féidir coinneáil ort go dtí an Cheathrú Rua agus Trá an Dóilín, nó siar i dtreo Ceantar na nOileán, a bhfuil radharcanna áille agus neart le feiceáil. Nó d’fhéadfá comhairle Aedín a dhéanamh agus an bád a fháil go hInis Meáin, leis an chuid eile den lá a chaitheamh ann. 

Níos mó