Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-fonn-ort-bogadh-go-hoilean,-mar-sin?

Tá fonn ort bogadh go hoileán, mar sin?

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Má tá, táim ar aon intinn leat. B’fhéidir go bhfuilim céim chun tosaigh ort fiú. Tá an chéim mhór déanta agam cheana féin agus tá an t-alt seo á scríobh agus mé i mo shuí ar chlaí in in Inis Meáin; súil amháin agam ar an scáileán agus súil eile ar an Atlantach. Bíodh sin ag an té a dúirt nach féidir an dá thrá a fhreastal!

Tháinig mé go hInis Meáin ar feadh míosa i dtosach an tsamhraidh le taighde a dhéanamh mar chuid de mo mháistreacht. ‘Nach méanar dom?!’ a shíl mé go rímhinic agus mé ag siúl ó thig go tig le mo mhic Zoom agus liosta ceisteanna, ‘Nach méanar dom a bheith san áit aoibhinn seo ar feadh míosa?’.

Ba mhéanar, ach níor leor é. 

Chaith mé an samhradh ag éisteacht siar lenar thaifead mé ar Inis Meáin, ná scéalta á thras-scríobh agam agus do mo thabhairt síos bhóithrín na smaointe, chuig na laethanta sona a chaith mé ar an oileán creagach.

Ní haon ionadh é dáiríre, gur bheartaigh mé ar theacht ar ais. An mháistreacht curtha díom agus an saol i bhfad níos oscailte anois don chianobair, cén fáth nach dtapóinn deis chun filleadh ar an áit a raibh mé chomh sona ann agus tréimhse níos faide a chaitheamh ann? 

Bíonn grianghraif agus físeáin in airde agam ar na meáin shóisialta go minic, ina mbíonn manglam uathúil Inis Meáin le feiceáil iontu; fiántas agus suaimhneas taobh le taobh.

Is minic dom teachtaireachtaí a fháil á bhfreagairt, daoine ag cur in iúl gur bhreá leosan a leithéid de hathrú a dhéanamh freisin. Ach ní do gach duine saol an oileáin. Is furasta a bheith meallta ag íomhánna agus físeáin tharraingteacha, ach sula gcrochann tú do sheolta agus pacálann do mhálaí, ní mór duit cúpla ceist chrua a chur ort féin.

An duine tú…

…atá eagraithe? 

Níl gné ar bith de shaol an oileáin nach mbíonn roinnt mhaith eagrúcháin i gceist leis. Nithe atá simplí ar an mórthír, bíonn gá le pleanáil chun cinn leo anseo. Tógaimis an tsiopadóireacht mar shampla. Níl ollmhargadh ar Inis Meáin. Tá seirbhís iontach ar fáil ó Shiopa an Phobail in Indreabhán, ach ní mór duit an t-ordú a chur isteach an lá roimh ré. Is iontach an tseirbhís a chuireann Siopa Ruaidhrí Beag ar fáil ar an oileán freisin ach ní hionann uaireanta gnó siopa bhig ar oileán agus ollmhargaí móra na mórthíre. Má ólann tú an braon bainne deireanach sa teach i ndiaidh a sé a chlog tráthnóna, sin é do phort seinnte i dtaobh na déiríochta de go dtí a deich a chlog an mhaidin dar gcionn. Más duine eagraithe tú, téann tú i dtaithí ar na rudaí seo so héasca. 

…atá réalaíoch? 

Is rófhurasta a bheith faoi gheasa ag samhail rómánsach na n-oileán agus a bheith dall ar an bpraiticiúlacht. Is deas an tsamhail mar shampla, go bhfuilim anois i mo shuí ar chlaí ag breathnú amach ar an bhfarraige le linn dom a bheith ag scríobh. Níl sé chomh rómánsach céanna a lua libh go bhfuil scairf is miotáin orm agus baol báistí ann. Má tá tú réalaíoch faoi do shaol ar an oileán, beidh tú i gceart. Má tá do cheann líonta le nóisin rómánsacha, ní fada go mbainfear siar asat. 

…atá neamhspleách? 

Caithfidh tú a bheith neamhspleách le bheith i do chónaí ar oileán agus gach aon brí den fhocal atá i gceist. Caithfidh tú a bheith in ann aire a thabhairt duit féin, a bheith in ann tú féin a spreagadh, a bheith in ann obair as do stuaim féin, a bheith in ann siamsaíocht a chruthú duit féin. Ar aon dul leis seo, caithfidh go mbíonn tú socair i do chomhluadar féin. Ní hionann a bheith ‘alone’ agus ‘lonely’ mar a deir siad sa Bhéarla, ach mura bhfuil tú ar do shuaimhneas asat féin ní fheilfidh saol an oileáin duit. 

…atá foighneach? 

Faigheann foighne fortacht a deirtear agus is fíor sin ach go háirithe ar oileán. Tá an saol níos moille agus níos réidhe anseo. Seo rud a mbainim féin an-sásamh agus an-suaimhneas as. Más duine tú a mbíonn deifir ort áfach, is mó seans go mbeidh díomá ort. 

…a dtaitníonn ainmhithe leat?

Gach seans go gcuirfidh an cheist seo iontas ort, chuirfeadh sé iontas ormsa dá luafaí an ghné áirithe seo liom sular tháinig mé, ach is fiú a rá nach bhfeilfeadh oileán (Inis Meáin ar a laghad) don té nach dtaitníonn ainmhithe leo. Níl peataí agam ná baint ar bith agam leis an bhfeirmeoireacht ach m’anam le Dia bíonn laethanta ann ar ghearr mo theachín le zú! Murab é an bhó béal dorais ag béiceadh go hard le linn mo ghlaochanna Zoom, is é cat na gcomharsan ag teacht aniar aduaidh orm sa leaba. Sin gan trácht ar amhránaíocht ná n-asal síos an bóthar agus iad ag comhcheol leis an gcoileach go moch ar maidin. 

…atá rud beag ar shiúl sa chloigeann? 

Más ea, is fearr é! Gach seans go bhfeilfidh saol an oileáin tú agus go gcasfaidh tú ar do threibh ann. 

Má éirigh leat teacht trí na ceisteanna crua sin, cad é an mhoill atá ort?

 Ardaigh do sheol!

Níos mó