Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
aoife-sa-chistin:-parfait-liomoide,-gruth-sutha-craobh,-brioscaran-agus-mus-seaclaide-baine

Aoife sa Chistin: Parfait líomóide, gruth sútha craobh, brioscarán agus mús seacláide báine

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Na comhábhair:

An brioscarán

125g im
55g siúcra mín
200g plúr

An parfait

Sú 3 líomóid agus an craiceann fé ghráta
3 ubh
125g siúcra mín
100ml uachtar
Raimicín x 6
Stán rósta

An gruth sútha craobh

600g sú craobh reoite
1bsp sú oráiste
150g im
250g siúcra mín
4 ubh

Mús seacláide báine

150ml uachtar
150g seacláid bhán
1 gealachán uibhe

Teocht an oighinn @ 160c.

Na Brioscaráin:

Measc an siúcra agus an t-im le chéile le spúnóg adhmaid nó próiseálaí bídh. Cuir an plúr leis agus measc go mbeidh cuma grabhróg aráin air. Ansan, caith amach ar an gcuntar é agus tabhair an meascán le chéile le do lámha. Nuair atá taos deas agat rolláil amach go mbeidh cuma ispín air. Clúdaigh le scannán cumhdaithe agus fág sa chuisneoir ar feadh 45 nóiméad. Gearr ina shliseanna deas tanaí. Bácáil @ 200c/180c fean go ceann 10-12 nóiméad go mbeidh dath deas órga orthu. (Gheobhaidh tú 16 bhriosca as an oideas seo ach is féidir iad a bheith déanta roimh ré agus iad a choimeád i mbosca aerobach).

An Parfait:

Buail an sú líomóide, na craicne líomóide, na huibheacha agus an siúcra le chéile i mbabhla go dtí go mbeidh an siúcra leáite. Cuir an t-uachtar leis agus measc go maith iad. Dein an t-iomlán a chriathrú go mbeidh meascán deas mín agat. Cuir na raimicíní isteach i stán. Doirt 50ml den mheascán isteach sna raimicíní. Leathlíon an stán rósta le huisce beirithe. Cócaráil san oigheann go ceann 45 nóiméad @ 160c. Lig dóibh fuarú go ceann tamaill.

An Gruth Sútha Craobh:

Téigh na sútha craobh agus an sú oráiste i bpota go ceann 5 nóiméad ag suanbhruith. Ansan, dein criathrú ar an meascán isteach i bpota nua. Caith uait na síolta, níl uait ach an sú. Cuir an siúcra leis an sú agus lig dó leá. Cuir an t-im leis, píosa ar phíosa, ag meascadh an t-am ar fad ar theas íseal. Bris 4 ubh i mbabhla eile agus buail le chéile iad. Bí cinnte nach bhfuil teocht an phota ró ard, is féidir é a bhaint ón dteas aon uair. Caith isteach na huibheacha leis an meascán agus corraigh go dian. (Arís, más dóigh leat go bhfuil an pota ró thé…ana-sheans go bhfuil! Bain den dteas é agus lig dó fuarú go ceann tamaillín!) Ramhróidh an t-iomlán de réir a chéile ar nós custaird. Tógfaidh sé seo timpeall 10 nóiméad. Coimeád siar cuid don mhilseog. (Gheobhaidh tú próca deas ón oideas seo, 3 lá sa chuisneoir agus coicís sa chófra i bpróca steirilithe).

An Mús Seacláide Báine:

Leáigh an tseacláid i mbabhla. Buail an t-uachtair agus an gealachán. Fill an tseacláid tríd an meascán agus cuir isteach sa chuisneoir go ceann 30 nóiméad.

An Riaradh:

Scaip an gruth timpeall an phláta. Ansin, cuir an parfait agus an brioscarán i lár an phláta agus spúnóg deas den mhús.

(Is féidir siúcra a chur ar barr an parfait agus séidtóirse nó gríoscán a úsáid chun barra deas carmalaithe a chur orthu).

Neam neam!

Níos mó