Stór Focal Peile/Sacair
De réir focal.ie, úsáidtear ‘peil’ chun tagairt a dhéanamh don pheil Ghaelach. Is féidir ‘sacar’ nó ‘peil’ a úsáid chun an cluiche a tháinig ó Shasana a luadh.
Tá neart téarmaí ar an bpeil Ghaelach agus ar shacar araon ar Téarma.ie, is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh sin. Ach seo thíos rogha de na cinn is comónta.
Gaeilge | Béarla |
---|---|
peil | football |
sacar | soccer |
ag druibleáil | dribbling |
marcáil duine ar dhuine | person-to-person marking |
as alt na himeartha | offside |
taicil/gleic | tackle |
imirt ionsaitheach | attacking play |
drochphas | bad pass |
cosantóir | defender |
coimhlint ghéar | close match |
cúl cinniúnach | decider |
cosaint | defence |
titim bhréagach | dive |
ceannbhuille | header |
cúl ort féin | own goal |
scaoil faoin gcúl | shoot at goal |
staid pheile/shacair | football/soccer stadium |
cúl báire | goalkeeper |
cluiche ceannais | final |
cic tosaigh | kick-off |
peileadóir/imreoir sacair | player |
ionadaí | substitute |
bróga peile/sacair | football/soccer boots |
am breise | extra time |
feadóg | whistle |
cárta dearg | red card |