Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
coisti-pobail-gaeltachta-ag-ceiliuradh-agus-duaischiste-e80,000-bronnta-ag-gradaim-glor-na-ngael

Coistí pobail Gaeltachta ag ceiliúradh agus duaischiste €80,000 bronnta ag gradaim Glór na nGael

| Tuairisc.ie | , ,

Tá coiste pobail i nGaeltacht Thír Chonaill ag ceiliúradh an tseachtain seo agus €15,000 le bronnadh orthu as an bpríomhdhuais a bhaint i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.

Reáchtáladh an ócáid bhronnta don chomórtas bliantúil in Óstán Chathair Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo, áit ar bronnadh an phríomhdhuais agus Trófaí Fhoras na Gaeilge ar Choiste Forbartha Dhobhair Teo as an obair atá déanta acu i nGaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird.

Bhain Coiste Forbartha Dhobhair an chéad duais sa rannóg Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht agus an dara háit sna rannóga Teaghlaigh agus Gaeltacht den chomórtas.

Caoimhe Parry agus Jack Dilleen, BINNEAS, Co an Chláir ag Siansa Gael Linn 2023 sa Cheoláras Náisiúnta, BÁC. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa dara háit sa chomórtas náisiúnta. Duais €5,000 atá ar fáil as an dara háit sa chomórtas tá €3,000 ag dul go dtí an comharchumann as teacht sa chéad áit i rannóg an teaghlaigh.

I gComórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal bhain An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an Chéad Duais ­ €3,000.

Duaischiste luach €80,000 san iomlán a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn tríú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an nGaeilge “a neartú agus a bhuanú”.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Rónán Mac Aodha Bhuí as an méid atá déanta aige ó na nóchaidí i leith ar son na teanga. Ag labhairt dó leis an slua ar nasc físe as Colorado Mheiriceá ghabh an craoltóir aitheanta buíochas ó chroí le Glór na nGael as an ngradam.

Rinne sé comhghairdeas leis na coistí pobail agus na cumainn tríú leibhéal uilig a bhain duais as a gcuid oibre ar son na Gaeilge.

Tá an craoltóir aitheanta sna Stáit Aontaithe faoi láthair agus cóir leighis á cur air don ailse. Beidh ceolchoirm speisialta á reáchtáil i Whelan’s i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn, an 25 Aibreán, mar chuid den fheachtas bailithe airgid dá chostais leighis.

Aoife O Riordan, ANORD, Co Chorcaí ag Siansa Gael Linn 2023 sa Cheoláras Náisiúnta, BÁC. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí 46 coiste ar fad cláraithe do Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2022 agus chuaigh 42 acu faoi mholtóireacht níos luaithe i mbliana. Bhí ionadaithe ó bhreis agus fiche coiste pobail i láthair ag an mbronnadh chomh maith le hurraitheoirí agus maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 60 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt d’obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.

D’fhógair an eagraíocht le gairid freisin go bhfuil Frainc Mac Cionnaith tofa ag an mbord stiúrtha le bheith ina leas-cheannasaí ar Ghlór na nGael.

Is as Caisleán Uidhilín i gCo. an Dúin ó dhúchas dó agus tá sé ina bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó i nGlór na nGael. Tiocfaidh Mac Cionnaith i gcomharbacht ar Eoghan Mac Cormaic a bheidh ag éirí as an ról mar Leascheannasaí ag deireadh mhí Aibreáin.

Eve Ní Dhonnchú, LUATH AR MAIDIN, Co Loch Garman.Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2022

Príomhdhuais Ghlór na nGael

An Chéad áit €15,000 & Trófaí Fhoras na Gaeilge: Coiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Pádraig)

Dara háit, €5,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Gradam Ghlór na nGael

Rónán Mac Aodha Bhuí

Duaiseanna Rannóige an Chomórtais

An Óige:
Céad áit, €3,000:
Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dara háit, €2,000: Muineachán le Gaeilge

Oideachas:
Céad áit, €3,000:
Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Dara háit, €2,000: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Áth na Long, Co. an Dúin

An Teaghlach:
Céad áit, €3,000:
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Dara háit, €2,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall

Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000:
Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na Gall
Dara háit, €2,000: Glór na Móna, Béal Feirste

An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000:
Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Dara háit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste

Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000:
Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Dara háit, €2,000: Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo

Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000:
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Dara áit, €2,000: An Droichead, Béal Feirste

Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000:
Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Dara áit, €2,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall

Duaiseanna Speisialta an Chomórtais

Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500: Muineachán le Gaeilge

Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500: Comhar Chuigéal, Conamara

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €2,000: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000: Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara

Duais Aitheantais Gradaim, €1,000: Dúchas an Daingin, Co. Chiarraí

Duais an Oireachtais, €1000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire

Duais an Timire, €750: Cairde Teo, Ard Mhacha

Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000: Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath

Comórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna

1ú Duais ­ €3,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

2ú Duais ­ €2,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann Gaillimh

3ú Duais ­ €1,500 – Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Duais Tras-Phobail ­ €1,000 – An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Duais Tras­Teorann ­ €1,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Duais Aitheantais – Obair Mheabharshláinte ­ €1000 – An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Duais Aitheantais –  An Ghaeilge ar na Meáin Shóisialta ­ €750 – An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh

Níos mó