Tá coiste pobail i nGaeltacht Thír Chonaill ag ceiliúradh an tseachtain seo agus €15,000 le bronnadh orthu as an bpríomhdhuais a bhaint i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
Reáchtáladh an ócáid bhronnta don chomórtas bliantúil in Óstán Chathair Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo, áit ar bronnadh an phríomhdhuais agus Trófaí Fhoras na Gaeilge ar Choiste Forbartha Dhobhair Teo as an obair atá déanta acu i nGaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird.
Bhain Coiste Forbartha Dhobhair an chéad duais sa rannóg Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht agus an dara háit sna rannóga Teaghlaigh agus Gaeltacht den chomórtas.
Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa dara háit sa chomórtas náisiúnta. Duais €5,000 atá ar fáil as an dara háit sa chomórtas tá €3,000 ag dul go dtí an comharchumann as teacht sa chéad áit i rannóg an teaghlaigh.
I gComórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal bhain An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an Chéad Duais €3,000.
Duaischiste luach €80,000 san iomlán a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn tríú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an nGaeilge “a neartú agus a bhuanú”.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Rónán Mac Aodha Bhuí as an méid atá déanta aige ó na nóchaidí i leith ar son na teanga. Ag labhairt dó leis an slua ar nasc físe as Colorado Mheiriceá ghabh an craoltóir aitheanta buíochas ó chroí le Glór na nGael as an ngradam.
Rinne sé comhghairdeas leis na coistí pobail agus na cumainn tríú leibhéal uilig a bhain duais as a gcuid oibre ar son na Gaeilge.
Tá an craoltóir aitheanta sna Stáit Aontaithe faoi láthair agus cóir leighis á cur air don ailse. Beidh ceolchoirm speisialta á reáchtáil i Whelan’s i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn, an 25 Aibreán, mar chuid den fheachtas bailithe airgid dá chostais leighis.
Bhí 46 coiste ar fad cláraithe do Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2022 agus chuaigh 42 acu faoi mholtóireacht níos luaithe i mbliana. Bhí ionadaithe ó bhreis agus fiche coiste pobail i láthair ag an mbronnadh chomh maith le hurraitheoirí agus maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.
Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 60 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt d’obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.
D’fhógair an eagraíocht le gairid freisin go bhfuil Frainc Mac Cionnaith tofa ag an mbord stiúrtha le bheith ina leas-cheannasaí ar Ghlór na nGael.
Is as Caisleán Uidhilín i gCo. an Dúin ó dhúchas dó agus tá sé ina bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó i nGlór na nGael. Tiocfaidh Mac Cionnaith i gcomharbacht ar Eoghan Mac Cormaic a bheidh ag éirí as an ról mar Leascheannasaí ag deireadh mhí Aibreáin.
Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2022
Príomhdhuais Ghlór na nGael
An Chéad áit €15,000 & Trófaí Fhoras na Gaeilge: Coiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Pádraig)
Dara háit, €5,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Gradam Ghlór na nGael
Rónán Mac Aodha Bhuí
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Céad áit, €3,000: Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dara háit, €2,000: Muineachán le Gaeilge
Oideachas:
Céad áit, €3,000: Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Dara háit, €2,000: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Áth na Long, Co. an Dúin
An Teaghlach:
Céad áit, €3,000: Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Dara háit, €2,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000: Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na Gall
Dara háit, €2,000: Glór na Móna, Béal Feirste
An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000: Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Dara háit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Dara háit, €2,000: Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000: Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Dara áit, €2,000: An Droichead, Béal Feirste
Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000: Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Dara áit, €2,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Duaiseanna Speisialta an Chomórtais
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500: Muineachán le Gaeilge
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500: Comhar Chuigéal, Conamara
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €2,000: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000: Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Duais Aitheantais Gradaim, €1,000: Dúchas an Daingin, Co. Chiarraí
Duais an Oireachtais, €1000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Duais an Timire, €750: Cairde Teo, Ard Mhacha
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000: Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath
Comórtas na gCumann Gaelach sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna
1ú Duais €3,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
2ú Duais €2,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann Gaillimh
3ú Duais €1,500 – Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Duais Tras-Phobail €1,000 – An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Duais TrasTeorann €1,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Duais Aitheantais – Obair Mheabharshláinte €1000 – An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Duais Aitheantais – An Ghaeilge ar na Meáin Shóisialta €750 – An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh