Tá litir oscailte in aghaidh an chogaidh ar Gaza sínithe ag breis is 300 ball foirne agus nach mór míle mac léinn ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Deirtear sa litir gur “le huafás agus le sceimhle” atá lucht a sínithe “ag féachaint agus ag faire ar an uafás atá imeartha ag Iosrael ar Gaza” le ceithre mhí anuas.
“Maraíodh ar a laghad 30,000 Palaistíneach, ina measc siúd, 13,000 páistí. Tugaimid dár n-aire go ndeir An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go bhfuil cás sochreidte go bhfuil coir in aghaidh an chinedhíothaithe déanta ag Iosrael i gcoinne phobal na Palaistíne.
“Dá réir sin, toisc go bhfuil an dlí idirnáisiúnta daonnachta á shárú ag Iosrael in aghaidh an lae, tuigtear dúinn go bhfuil an t-ord domhanda faoi bhagairt ag ionsaí Iosrael.”
Éilítear sa ráiteas sos cogaidh láithreach in Stráice Gaza agus “i ngach aon cheann de na fearainn atá faoi ghabháil”.
“Chuige sin, táimid ar aon fhocal le buíonta cearta daonna agus le saineolaithe eile ar fud an domhain, ina n-áirímid Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus Coiste Náisiúnta um Chearta an Linbh.
“Éilímid, leis, go scaoilfí saor a bhfuil d’Iosraelaigh agus d’eachtrannaigh á gcoimeád i ngéibheann i nGaza, agus na mílte Palaistíneach atá ina gcimí i bpríosúin, ar a bhfuil na céadta páistí ina measc.”
Luaitear leis sa litir oscailte an tslí ar fhreagair muintir Ollscoil Chorcaí d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin, agus go bhfuil siad mórálach as an tslí gur tugadh tearmann dóibh san ollscoil mar theifigh i saol an léinn.
Maítear sa ráiteas go bhfuil mar aidhm ag an ollscoil go ndéanfaí saoránaigh de chuid an domhain de mhic léinn agus go n-oirfeadh seasamh ar son na bPalaistíneach mar chéim sa ghnó sin.
Sa litir chomh maith, cuirtear treise leis an tslí gur scriosadh, nó gur déanadh dochar do gach aon cheann de dháréag ollscoil in Gaza, agus deirtear gur d’aon ghnó a tharla seo.
Tugtar fianaise, i measc samplaí eile, ar an tslí gur caitheadh leis an Dr Ahmed Hamdi Abu Absa, Déan Choláiste Ollscoil na Palaistíne, mar ar striopáladh é, mar ar diancheistíodh é, mar ar scaoileadh saor é, agus mar ar dúnmharaíodh é go gairid ina dhiaidh sin.
Cuirtear mar fhianaise bhreise sa litir ráitis ón Uachtarán, ón Taoiseach, ón Tánaiste, agus go deimhin ó Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus iad ar fad ag éileamh sos cogaidh agus go gcloífí le breith na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta.
Iarann údair na litreach sos cogaidh láithreach, cáineadh ar an ár agus ar an scrios agus ar an marú atá á dhéanamh ag arm Iosrael, glacadh le rialú an ICJ, cead cabhrach a ligean isteach do Gaza, athbhreithniú ar cheangail idir an coláiste agus forais acadúla nó tionsclaíochta in Iosrael, agus a leanann díobh sin.