Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Ar an taobh eile den ghloine

| Dáithí Anraí |

le Dónall Mac Giolla Chóill

Tharla sé an tseachtain seo caite gur fhreastail mé ar bhainis teaghlaigh i Londain, áit ina bhfuil mé go fóill agus t-an alt seo á scríobh agam ar ríomhaire nach n-aithníonn an síneadh fada nó an barra spáis fiú.

Bhí mé ar an bhainis seo mar gheall go raibh fear muinteartha dom ag pósadh fear ó Hong Cong agus, ina gcuid soineantachta, mheas said gur chóir domsa cúpla focal a rá i ndiaidh am dinnéara. Thig liom a fhógairt anois a léitheoir dhil go bhfuil siad beirt pósta go fóill, in ainneoin an méid a dúirt mé ag an ócáid.

Bhí cúpla gloine prosecco agam an oíche sin nó le bheith níos cirte, bhí barraíocht gloiní agam an oíche sin. Ó tharla sé nach ndearna mé rud ar bith ní ba mheasa ná damhsa a dhéanamh le bean de bhunadh na hÍsiltíre, agus chuile seans go raibh an bhean bhocht bacach ar feadh lá nó dhó ina dhiaidh sin, déarfainn go raibh am iontach againn.

Tá nós Síneach ann gur rud leanúnach í an bhainis agus go mbíonn roinnt laethanta ceiliúrtha i gceist ina diaidh. Inár gcás-sa lean rudaí ar aghaidh go dtí oíche Mháirt nuair a bhí béile mór Síneach againn i gCeantar Síneach Londain. Chuaigh mise a luí oíche Mháirt sona sásta agus suagach go leor.

Ansin tháinig maidin Chéadaoin.

Tá nós agam agus mé as baile. An raidió a chur ag dul gach maidin agus a bheith ag éisteacht le Raidió Uladh chun dea-spion a chothú ag tús an lae. Chuala mé ar an raidió an mhaidín sin go raibh Aire Oideachais Thuaisceart na hÉireann — Tuaisceart Éireann, Na Sé Chontae, Ar Wee PravinceWere Nat Brazil srl. — Paul Givan ar tí cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain.

Mhúscail sin mé, tá mé ag rá leat, an bhrionglóid seo. Rámhaille maidine i ndiaidh ragairne oíche. An raibh mé go fóill faoi thionchar bheoir na Síne? An iarsma é seo den ochtapas a d’ith mé an oíche roimhe?

Paul Givan, fear lasta tinte cnámh tráth dá raibh, fear a chiorraigh caoga míle punt ó Liofa thiar sa lá, ag tabhairt cuairt ar ghaelscoil.

Níor chreid mé é, an méid a chuala mé. Ansin ar éirí dom agus i gcaitheamh an lae, chonaic mé pictiúir an uafáis.

Sin an Paul Givan céanna agus páistí gaelscoile ag canadh i nGaeilge os a chomhair amach — agus aoibh gháire air! Níor las sé ar nós tine chnámh ar an 11 Iúil.

Agus níos measa, sin an Paul Givan céanna ag déanamh Tonnaí Thoraí, agus cha ndeachaigh sé trí thine. Níor thit an spéir sa mhullach orainn.

Bhí orm luí síos ar feadh leathuaire agus iarracht á déanamh agam amhrán Christy Moore a chur as m’aigne, an ceann sin faoi na DTs. I ndiaidh tamaill, bhí sé d’uchtach agam éirí as mo leaba agus, le faichill thréan, an teilifíseán a chur ar siúl arís.

Ansin chonaic mé tuilleadh uafáis os mo chomhair amach. Ar an scáileán, bhí Michelle O’Neill, Chéad Aire na Sé Chontae seo againne agus Emma Little Pengelly, an leasChéad Aire (sic) ar cuairt ar Chumann Lúthchleas Gael Naomh Póil. Níos measa ná sin, bhí camáin ina nglaic acu agus iad i mbun na diabhal camógaíochta. Anois, ní raibh úsáid riamh agam le camán agus ar chúis inteacht, níor roghnaíodh mé riamh d’fhoireann camógaíochta na scoile. Níl a fhios agam cén fáth.

An uair dheireanach a bhí mé chomh trína chéile seo ná thiar ag tús na ‘90idí, bhí mé thart ar aon bhliain déag d’aois agus bhí mé tinn. Iontach tinn. Bhí sceadamán nimhneach orm, an t-aon bhliain nár thug mo mháthair chuig coisriceadh na sceadamán mé, agus an bhliain go ndearna Naomh Blaise neamhaird orm. Tháinig nimhiú nó galrú i mo sceadamán agus bhí fiabhras ard orm. Chaith mé seachtain sa leaba gan agam mar chothú ach 7Up a raibh an bhrí ligthe as.

Seo nuair a mheas mo mháthair go dtapódh sí an deis leabhar úr a bhronnadh orm. Alices Adventures in Wonderland agus Through The Looking Glass. Molaim an dá leabhar, go háirithe má tá fiabhras ard ort, tú ag rámhaillí agus fá bhúir asail de scairt phráinneach ar an tsagart.

Ar an Chéadaoin seo caite tháinig an dara leabhar sin faoi dhul fríd an scáthán ar ais chun cuimhne agam, áit a bhfuil gach rud droim ar ais agus bun os cionn, an dubh ina gheal. Áit nach mór duit céim siar a ghlacadh le seasamh san áit ina bhfuil tú agus rith siar le dul chun cinn.

Anois, tá go leor cáinte déanta ag urlabhraithe dílseacha ar X/Twitter. Ní ainmneoidh mé iad anseo mar tá céim sa dlí ag fear acu chomh maith le suíochán ar Chnoc an Anfa, agus go bhfuil ardcháilíocht dlí ag an fhear eile ar an taobh eile den scáthán. Tuigim a mí-chompord ach go háirithe.

Tá athrú tagtha, agus ní bhíonn sin i gcónaí furasta.

Go háirithe nuair atá dlúthchosúlachtaí ann idir an meon agus an cur chuige s’acu agus beirt seanchairde liom ó thiar sa lá, mar a bhí agus mar atá Tweedle Dee agus Tweedle Dumb.

Níos mó