Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
forbairt-feirste-le-failte-a-chur-roimh-lucht-peile-na-gaeltachta-i-lunasa

Forbairt Feirste le fáilte a chur roimh lucht peile na Gaeltachta i Lúnasa

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Beidh Comórtas Peile Sacair na Gaeltachta á reáchtáil ag Forbairt Feirste ag deireadh Lúnasa. Seo an chéad uair a eagrófar comórtas peile Gaeltachta sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste. Tairgfear deis d’ocht bhfoireann dul in iomaíocht ar pháirc Spórtlann na hÉireann, an t-ionad spóirt a d’oscail Coláiste Feirste in 2018.

Dúirt stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais, gur Laochra Loch Lao agus a n-iarracht i gComórtas Peile na Gaeltachta a spreag an cinneadh comórtas peile Gaeltachta a chur ar siúl i Spórtlann na hÉireann, baile an chlub.

“Leis an spreagadh a fuarthas ón rath ar ról Laochra Loch Lao i gComórtas Peile na Gaeltachta, ó chéadthug Jake Mac Siacais go Corcaigh iad in 2006, beidh Forbairt Feirste ag reáchtáil an chéad chomórtas Gaeltachta riamh i Spórtlann na hÉireann sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Cuireann muid fáilte roimh fhoirne de sheachtar thar 16 idir mhná agus fir páirt a ghlacadh ann!”

Grianghraf: Bóthar na bhFál, an Cheathrú Ghaeltachta le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar chlé. (Creidmheas: Forbairt Feirste)

Tá suim léirithe ag foirne as beagnach gach cúige sa tír go dtí seo, ach dúirt Jake go bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh deis ag an mhéid is mó foirne agus ceantair páirt a ghlacadh. Ní hamháin gur deis iontach teach le chéile é an comórtas, ní féidir tarraingteacht na nduaiseanna a shéanadh ach oiread. Trófaí agus £1000 a bhainfidh an fhoireann bhuacach.

“Tá léiriú suime againn cheana as Gaeltacht Thír Chónaill, Conamara agus an Rinn i bPort Láirge. Ba mhaith linn an t-eispéireas speisialta seo a roinnt leis an mhéid is mó ceantair Ghaeltachta agus is féidir. An chéad bhliain seo beidh muid ag toiseacht le comórtas beag d’ocht bhfoireann chun féidearthacht iomlán reáchtáil an chomórtais a thástáil. Beidh an iontráil saor in aisce agus beidh áiseanna imeartha den chéad scoth ann.

“Gheobhaidh na buaiteoirí trófaí agus duais £1000. Beidh muid ag eagrú deireadh seachtaine de ghníomhaíochtaí sóisialta i gcomhar le heagraíochtaí eile sa Cheathrú Ghaeltachta. Ná caill iad!”

As siocair gur chéad bhliain an chomórtais í, beidh Forbairt Feirste ag lorg aiseolas ar bhuanna a gcuid eagrúcháin chomh maith le nithe le feabhsú sa todhchaí.

“Beidh intinní oscailte againn ar an dóigh is fearr lena fheabhas a bhaint as do rannpháirteachas agus cuirfidh muid fáilte roimh d’aiseolas agus do chuid smaointe. Sa chéad dul síos, cuir in iúl dúinn go mbeidh tú linn nuair a shéidfear an chéad fheadóg. Tá mé ag súil le bheith ag cluinstin uait ag jake@forbairtfeirste.com.”

Grianghraf: Áras Uí Chonghaile, iarsmalann agus caifé atá trasna an bhóthair ó Spórtlann na hÉireann. (Creidmheas: Forbairt Feirste)

Is ábhar ceiliúrtha é an Comórtas Peile Sacair na Gaeltachta do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste  chóir a bheith bliain i ndiaidh d’imní an pobal a bhualadh go ndruidfear an Spórtlann don phobal. Toisc coinneáil siar maoinithe de chuid na Comhairle Cathrach, ní raibh Coláiste Feirste ag dul a bheith in ann seirbhís folláine a sholáthar don phobal áitiúil.

Céim eile chun tosaigh don Ghaeilge i mBéal Feirste é an comórtas tar éis polasaí a ritheadh a fhreatalóidh ar chomharthaíocht sráide dhátheangach sa Cheathrú Ghaeltachta, agus seoladh Scoil an Seolta, Gaelscoil imeasctha nua in oirthear na cathrach a osclóidh a doirse san fhómhar.

Beidh Comórtas Peile Sacair na Gaeltachta ar siúl roimhe sin, áfach, ar an 31 Lúnasa. Ní gá ach suim a léiriú trí theagmháil a dhéanamh le Forbairt Feirste agus seans go mbeidh d’fhoireann féin ar an chéad bhuaiteoir ag Comórtas Peile Sacair na Gaeltachta.

The post Forbairt Feirste le fáilte a chur roimh lucht peile na Gaeltachta i Lúnasa appeared first on NÓS.

Níos mó