Tá saothar damhsa faoin nGaeilge i measc na dtograí a mbronnfar Gradam Markievicz orthu.
D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan inniu go mbronnfar ceann de na sparánachtaí nua d’ealaíontóirí mná ar Shibéal Davitt as Baile Átha Cliath, Gaeilgeoir agus rinceoir aitheanta.
Misneach is teideal don saothar faoin nGaeilge le Sibéal Davitt.
Ar na daoine eile a mbronnfar an sparánacht nua tá Annemarie Ní Churreáin, file óg as Doire Chonaire i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh ag obair in éineacht le beirt fhilí eile, Kimberley Campanello agus Dimitra Xidoous, ar an togra filíochta, S)worn State(S) – Poems after Countess Constance Markievicz.
Is iad an triúr eile atá roghnaithe don scéim nua sparánachtaí ná Isadora Epstein, scríbhneoir agus ealaíontóir, Louise Lowe, bean amharclannaíochta agus
Claire Kilroy, an scríbhneoir aitheanta.
Is iad an seachtar seo na chéad daoine ar a mbronnfar Gradam Markievicz, scéim atá ainmnithe i ndiaidh Konstanz Markievicz agus a bhunaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbliana mar chomóradh céad bliain ar an gcéad uair a toghadh bean ina haire rialtais.
An Chomhairle Ealaíon a rinne an scéim sparánachta a riaradh agus fuarthas 107 iarratas.
€20,000 a thabharfar do gach togra ar éirigh leis.
Agus na gradaim á bhfógairt inniu, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan nár toghadh chun na Dála ach 113 bean ó dhein Markievicz an beart in 1918.
Níor ceapadh ach 19 díobh sin ina n-airí rialtais le 100 bliain anuas, “mé féin san áireamh in 2017,” a dúirt Josepha Madigan.
Dúirt Madigan gur “ceannródaí íocónach” ab ea Markievicz a bhí “ar dhuine den iliomad ban iontach eile de chuid a ré a bhfuil a gcuid scéalta go fóill á nochtadh dúinn”.
“Fiú tar éis an toghcháin deiridh i mí na Bealtaine agus méadú beag a bheith ar líon na mban in údaráis áitiúla na tíre, is meabhrú é téama na sparánachtaí seo go bhfuil bóthar fada romhainn go fóill chun cothromas iomlán a bhaint amach i saol na polaitíochta in Éirinn,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.