Tá beartas aisteach acu i leith an Bhéarla, nach bhfuil?
Chuir siad amú mé leis na treoracha míchearta.
Bhí scata déagóirí ar an mbóthar.
Cuireadh na gabhlóga ar fad sa tarraiceán.
Tá an-chumas aici sa chriadóireacht.
Rinne sé tonnmharcaíocht maidin inné.
Sprioc uaillmhianach a bhí inti.
Tá ceannadhairt nua ag teastáil uaim.
Cén costas atá ar an gcadhnra / ar an gceallra sin?
Ar ndóigh tá an-chuid focal eile amuigh ansin sa Ghaeilge a bhfuil rian an Bhéarla le feiceáil orthu. Céard iad na cinn eile a ritheann leat? Seol do chuid moltaí chugainn anseo.