9 bhfocal simplí le húsáid le cur le do shaibhreas teanga
Beartas in ionad polasaí
Tá beartas aisteach acu i leith an Bhéarla, nach bhfuil?
Cuir amú in ionad cuir ar strae
Chuir siad amú mé leis na treoracha míchearta.
Scata in ionad grúpa
Bhí scata déagóirí ar an mbóthar.
Gabhlóg in ionad forc
Cuireadh na gabhlóga ar fad sa tarraiceán.
Cumas in ionad scil
Tá an-chumas aici sa chriadóireacht.
Tonnmharcaíocht in ionad surfáil
Rinne sé tonnmharcaíocht maidin inné.
Sprioc in ionad aidhm
Sprioc uaillmhianach a bhí inti.
Ceannadhairt in ionad piliúr
Tá ceannadhairt nua ag teastáil uaim.
Cadhnra nó ceallra in ionad bataire
Cén costas atá ar an gcadhnra / ar an gceallra sin?
Ar ndóigh tá an-chuid focal eile amuigh ansin sa Ghaeilge a bhfuil rian an Bhéarla le feiceáil orthu. Céard iad na cinn eile a ritheann leat? Seol do chuid moltaí chugainn anseo.