Tá Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath aitheanta mar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát, de réir rangú an Sunday Times.
Bhí Coláiste Íosagáin sa chéad áit ar an liosta 500 scoil.
Is í Coláiste Íosagáin an dara scoil lán-Ghaeilge a bhain áit amach ar bharr an liosta ó cuireadh tús leis an rangú i 2003.
Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas le trí bliana anaus.
Idir 2017 agus 2019, chuaigh 95.7% de dhaltaí Choláiste Íosagáin ar aghaidh chuig ollscoileanna agus fuair 100% áiteanna in institiúid tríú leibhéal.
Sa dara háit a bhí Coláiste Chnoc na Labhras, scoil lán-Ghaeilge eile do chailíní i Luimneach. Bhí Coláiste Chnoc na Labhras ar bharr an liosta idir 2014 agus 2019.
Freastalaíonn 484 dalta ar Choláiste Íosagáin i mBaile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Seán Delap ina phríomhoide ar an scoil anuraidh.
Beidh caoga bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag lucht Choláiste Íosagáin an bhliain seo chugainn.
Tá an scoil ar an láthair chéanna leis an nGaelcholáiste do bhuachaillí, Coláiste Eoin. Bhain Coláiste Eoin an 36ú háit amach ar liosta an Sunday Times, titim 20 áit ó 2019.
Bhí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde sa 101ú háit ar liosta 2019 ach é sa 19ú háit ar liosta na bliana seo.
Tá Coláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach sa Ghaillimh áit amháin eile chun deiridh air sin agus é sa 20ú háit.
Is í Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna an iarbhunscoil Ghaeltachta ‘is fearr’ de réir an liosta. Tháinig an scoil sa 82ú háit agus 68.1% de na daltaí a d’fhreastail ar an scoil le trí bliana anuas imithe ar aghaidh go dtí ollscoileanna. 94.7% ar fad a bhain áiteanna amach in institiúid tríú leibhéal.
Is í Coláiste Íde sa Daingean an scoil Ghaeltachta i gCúige Mumhan is airde ar an liosta agus í sa 106ú háit. Tá Coláiste Pobail Ráth Chairn sa 245ú háit agus is í an scoil Ghaeltachta is airde i gCúige Laighean. Pobalscoil Ghaoth Dobhair an scoil Ghaeltachta is airde ar an liosta i nDún na nGall agus í sa 283ú háit.
Baineann conspóid i gcónaí le foilsiú leithéidí na dtáblaí seo agus go leor saineolaithe oideachais den tuairim gur róchúng an tslat tomhais iad chun breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna na tíre.
Gaelcholáistí | ||
---|---|---|
Scoil | Contae | Rangú Náisiúnta |
Coláiste Íosagáin | Baile Átha Cliath | 1 |
Coláiste Chnoc na Labhras | Luimneach | 2 |
Gaelcholáiste Reachrainn | Baile Átha Cliath | 19 |
Coláiste na Coiribe | Gaillimh | 20 |
Coláiste Eoin | Baile Átha Cliath | 36 |
Gaelcholáiste Luimnigh | Luimneach | 37 |
Gaelcholáiste Chiarraí | Ciarraí | 39 |
Coláiste Cois Life | Baile Átha Cliath | 64 |
Gaelcholáiste Cheatharlach | Ceatharlach | 91 |
Scoil Chaitríona | Baile Átha Cliath | 94 |
Scoileanna Gaeltachta | ||
---|---|---|
Scoil | Contae | Rangú Náisiúnta |
Scoil Phobail Mhic Dara | Gaillimh | 82 |
Coláiste Íde | Ciarraí | 92 |
Meánscoil San Nioclás | Port Láirge | 106 |
Coláiste Ghobnatan | Corcaigh | 126 |
Pobalscoil Chorca Dhuibhne | Ciarraí | 179 |
Coláiste Cholmcille | Gaillimh | 186 |
Coláiste Chroí Mhuire | Gaillimh | 223 |
Coláiste Ghobnait | Gaillimh | 225 |
Coláiste Pobail Ráth Chairn | An Mhí | 245 |
Scoil Mhuire | Corcaigh | 250 |