Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gaelcholaisti-aitheanta-ar-na-hiarbhunscoileanna-‘is-fearr’-sa-tir

Gaelcholáistí aitheanta ar na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ sa tír

| Tuairisc.ie |

Tá Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath aitheanta mar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát, de réir rangú an Sunday Times.

Bhí Coláiste Íosagáin sa chéad áit ar an liosta 500 scoil.

Is í Coláiste Íosagáin an dara scoil lán-Ghaeilge a bhain áit amach ar bharr an liosta ó cuireadh tús leis an rangú i 2003.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas le trí bliana anaus.

Idir 2017 agus 2019, chuaigh 95.7% de dhaltaí Choláiste Íosagáin ar aghaidh chuig ollscoileanna agus fuair 100% áiteanna in institiúid tríú leibhéal.

Sa dara háit a bhí Coláiste Chnoc na Labhras, scoil lán-Ghaeilge eile do chailíní i Luimneach. Bhí Coláiste Chnoc na Labhras ar bharr an liosta idir 2014 agus 2019.

Freastalaíonn 484 dalta ar Choláiste Íosagáin i mBaile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Seán Delap ina phríomhoide ar an scoil anuraidh.

Beidh caoga bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag lucht Choláiste Íosagáin an bhliain seo chugainn.

Tá an scoil ar an láthair chéanna leis an nGaelcholáiste do bhuachaillí, Coláiste Eoin. Bhain Coláiste Eoin an 36ú háit amach ar liosta an Sunday Times, titim 20 áit ó 2019.

Bhí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde sa 101ú háit ar liosta 2019 ach é sa 19ú háit ar liosta na bliana seo.

Tá Coláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach sa Ghaillimh áit amháin eile chun deiridh air sin agus é sa 20ú háit.

Is í Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna an iarbhunscoil Ghaeltachta ‘is fearr’ de réir an liosta. Tháinig an scoil sa 82ú háit agus 68.1% de na daltaí a d’fhreastail ar an scoil le trí bliana anuas imithe ar aghaidh go dtí ollscoileanna. 94.7% ar fad a bhain áiteanna amach in institiúid tríú leibhéal.

Is í Coláiste Íde sa Daingean an scoil Ghaeltachta i gCúige Mumhan is airde ar an liosta agus í sa 106ú háit. Tá Coláiste Pobail Ráth Chairn sa 245ú háit agus is í an scoil Ghaeltachta is airde i gCúige Laighean. Pobalscoil Ghaoth Dobhair an scoil Ghaeltachta is airde ar an liosta i nDún na nGall agus í sa 283ú háit.

Baineann conspóid i gcónaí le foilsiú leithéidí na dtáblaí seo agus go leor saineolaithe oideachais den tuairim gur róchúng an tslat tomhais iad chun breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna na tíre.

Gaelcholáistí
Scoil Contae Rangú Náisiúnta
Coláiste Íosagáin Baile Átha Cliath 1
Coláiste Chnoc na Labhras Luimneach 2
Gaelcholáiste Reachrainn Baile Átha Cliath 19
Coláiste na Coiribe Gaillimh 20
Coláiste Eoin Baile Átha Cliath 36
Gaelcholáiste Luimnigh Luimneach 37
Gaelcholáiste Chiarraí Ciarraí 39
Coláiste Cois Life Baile Átha Cliath 64
Gaelcholáiste Cheatharlach Ceatharlach 91
Scoil Chaitríona Baile Átha Cliath 94
Scoileanna Gaeltachta
Scoil Contae Rangú Náisiúnta
Scoil Phobail Mhic Dara Gaillimh 82
Coláiste Íde Ciarraí 92
Meánscoil San Nioclás Port Láirge 106
Coláiste Ghobnatan Corcaigh 126
Pobalscoil Chorca Dhuibhne Ciarraí 179
Coláiste Cholmcille Gaillimh 186
Coláiste Chroí Mhuire Gaillimh 223
Coláiste Ghobnait Gaillimh 225
Coláiste Pobail Ráth Chairn An Mhí 245
Scoil Mhuire Corcaigh 250

Níos mó