Gnáthamh sláintiúil a chothú le linn na paindéime COVID-19
Aclaíocht rialta a dhéanamh
Is eol do chách go bhfuil aclaíocht rialta fiúntach don tsláinte ach faoi láthair tá sé níos tábhachtaí ná riamh. Is bealach éifeachtach í aclaíocht do chuid strus a bhainistiú agus a laghdú dá réir.
Moltar fiche nóiméad d’aclaíocht éadrom a dhéanamh gach lá. Beidh gnáthamh sláintiúil ina cabhair mhór do do mheabhairshláinte agus don fholláine go ginearálta.
Gnáthamh codlata
Teastaíonn ár gcuid codlata uainn. Ní mór dúinn a bheith airdeallach ar na rudaí a chuireann isteach ar ár gcodladh cosúil le caiféin, nicitín, imní nó strus a bheith ort, cógas áirithe agus eile.
Déan iarracht gnáthamh sláintiúil laethúil a choinneáil, néal codlata a sheachaint agus aclaíocht a dhéanamh le linn an lae.
Bia sláintiúil
Conas is féidir dea-nósanna itheacháin a fhorbairt mar chuid de ghnáthamh sláintiúil? Déan do chuid bia féin a ullmhú. Cabhróidh sé seo leat bia cothaitheach a ithe in ionad a bheith ag brath ar bhia saoráideach.
Déan iarracht do chuid béilí a ithe ag bord seachas os comhair na teilifíse / scáileán. Roghnaigh réimse leathan comhábhair idir sailéad, glasraí agus torthaí.
An iomarca alcóil a sheachaint
Bíonn sé de nós againn braon alcóil a ghlacadh chun ár scíth a ligint. Bí cúramach áfach nach ndéantar nós laethúil don ól, go háirithe le linn paindéime cosúil leis an gceann atá linn anois.
Cabhróidh sé seo go mór leat an intinn a choinneáil slán agus codladh maith a fháil san oíche.
Teicnící machnaimh a chleachtadh
Fiú agus muid ag caitheamh an méid is mó ama sa lá taobh istigh, bíonn an saol ag dul ar aghaidh ar luas lasrach. Tá tábhacht ag baint le ham a ghlacadh machnamh a dhéanamh faoin méid atá thart, faoin méid atá idir lámha agus faoin méid atá le teacht.
Déanfaidh an sos beag seo an-mhaitheas duit agus don intinn.
Bain triail as rud cruthaitheach
Cuireann gníomhaíochtaí cruthaíochta giúmar níos fearr orainn ar fad. Dírigh ar rud cruthaitheach le smaointe diúltacha a chur faoi chois. D’fhéadfá scríbhneoireacht, canadh, péintéireacht, cócaireacht, cniotáil nó garraíodóireacht a thriail inniu.
Is í an sprioc ná sult a bhaint as féinfhorbairt agus feabhsú muiníne araon.
Uimhir Samaratins: 116 123, Glaoigh 1850 24 1850 or 01 240 8787, Giolc: @HSELive, Sonraí teagmhála do Phobal Bodhar. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Agus ná déan dearmaid nigh do lámha go rialta, caith masc, fanacht 2 mhéadar óna chéile, obair ón mbaile más féidir agus lean treoracha ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.