14 fhocal Gaeilge a litrítear go mícheart go minic
Togra
Proposal an chiall leis an bhfocal seo. Feictear go minic an litriú mícheart tógra air.
Díomhaoin
Idle nó single an chiall le díomhaoin, focal a chuireann roinnt amú mar gheall ar an méid gutaí atá ann.
Tuairisceoireacht
Ceann eile lán le gutaí a bhfuil an chiall reporting aige sa Bhéarla.
Luaidhe
Tá peann luaidhe ar eolas againn ar fad ach bíonn deacracht faoi leith againn leis an bhfocal seo arís mar gheall ar na gutaí éagsúla atá ann.
Oigheann
Déantar dearmad go minic ar an ‘n’ dúbailte ag deireadh an fhocail seo.
Coimeád
Bíonn deacrachtaí ag cách leis an ‘á’ sin, go háirithe nuair a dhéantar an briathar a dhíochlaonadh.
Coinníoll
Condition an chiall leis an bhfocal seo agus is mion minic a fheictear an uimhir iolra coinníollacha litrithe go haisteach.
Sracfhéachaint
Comhfhocal faoi leith atá ciotach ó thaobh an litrithe de is ea é seo a bhfuil an chiall glance leis.
Searbhasach
Feictear go minic an botún litrithe searbhúsach agus an focal seo á scríobh.
Spraíúil
Tagann bunús an fhocail seo ó spraoi ach san fhoirm aidiachta bíonn síneadh fada curtha ar an ‘i’ a chuireann roinnt daoine amú.
Fíric
Fágtar an síneadh fada ar an gcéad ‘i’ ar lár i roinnt cásanna.
Aíocht
Focal faoi leith a bhfuil an chiall hospitality leis. Is minic go bhfágtar an ‘a’ tostach ar lár agus é á scríobh.
Feidhmeannach
Official nó executive dhá chiall leis an bhfocal seo sa Bhéarla agus feictear go rialta go bhfágtar an ‘n’ dúbailte ar lár.
Aghaidh
Focal thar a bheith bunúsach a litrítear go mícheart go mion minic.