Roghnaigh muid ‘Comhrá leis an gConradh’ mar phodchraoladh na seachtaine seo. Tá an podchraoladh seo curtha i láthair ag Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin.
Tá podchraoladh nua @Cuanbos, le tacaíocht @DeptAHG , ar fáil anois ar na hardáin éagsúla! Spotify, Apple agus TuneIn. Glacaigí síntiús agus bainigí sult as! pic.twitter.com/jVpY3LyUib
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) September 10, 2020
Éist leis an bpodchraoladh is déanaí thíos. Labhair Cuan le Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame, faoin leabhar “Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa.”
Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh ar Spotify, Apple, TuneIn agus Listen Notes. Tá na cláir ar fad ar fáil ar YouTube, ná caill an deis breathnú air!