Tá an PSOE, páirtí sóisialach na Spáinne, i mbun marana ar conas is féidir leo rialtas a bhunú i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar choimeádaigh an Partido Popular, an PP, in olltoghchán an lae inné.
Níor éirigh le sóisialaigh Pedro Sánchez móramh a bhaint amach, rud a fhágann gur dócha gur tréimhse eile éiginnteachta agus guagachta atá i ndán don Spáinn, tráth a bhfuil saol na polaitíochta ann deighilte go maith, go háirithe mar gheall ar cheist neamhspleáchas na Catalóine. Ba é seo an tríú holltoghchán sa Spáinn in imeacht ceithre bliana,
Mar a tuairscíodh anseo cheana bhí stádas na Catalóine agus na Catalóinise féin i lár an aonaigh i bhfeachtas an toghcháin agus ceisteanna bunreachtúla agus féiniúlachta i measc na bpríomhábhar conspóide idir na páirtithe.
B’fhearr le Sánchez rialtas a bhunú iad féin le tacaíocht Podemos, páirtí frithdéine, ach fiú lena dtacaíocht siúd ní bheadh ag an PSOE ach 165 suíochán. 176 a theastódh chun rialtas a bhunú agus bheadh gá dá réir ag Sánchez le tacaíocht ó pháirtithe beaga eile chomh maith.
I measc na bpáirtithe sin tá príomhpháirtithe na Catalóine – RC ar chlé agus Junts per Catalunya sa lár – a thacaigh leis an rún mímhuiníne a rinne Príomh-Aire de Sánchez an samhradh seo caite. Bheadh drogall ar an PSOE a bheith ag brath ar pháirtithe na Catalóine anois áfach ó tharla gur thaobhaigh siad le páirtithe ar an eite dheis chun a chinntiú go gcloífí buiséad Sánchez agus go mbeadh toghchán eile ann.
Ba é an toghchán tobann inné an tríú holltoghchán le ceithre bliana sa Spáinn, mar a bhfuil páirtithe nua de chuid na heite clé agus na heite deise ar an bhfód le tamall.
Bhuaigh an páirtí Vox, atá i bhfad amach ar an eite chlé, suíocháin den chéad uair sa toghchán, an chéad uair ar éirigh le páirtí fíornáisiúnach frithimirceach dá leithéid ó cuireadh deireadh le deachtóireacht Franco sna seachtóidí.
24 suíochán agus thart ar 10% den vóta a fuair Vox, rud a fhágann gur beag tionchar a bheidh acu ar bhunú an rialtais nua.
29% den vóta agus 123 suíochán a bhí ag Pedro Sánchez agus an PSOE, an chéad uair gur éirigh leis na sóisialaigh teacht sa chéad áit i dtoghchán ó 2008.
Drochlá ceart a bhí ann do na coiméadaigh sa Partido Popular (PP) ar thit líon na suíochán acu sa pharlaimint ó 137 go dtí 66 agus ó 130 go dtí 56 sa seanad.
B’éigean don Phríomh-Aire Pedro Sánchez an toghchán a ghairm nuair a chaill sé vóta buiséid dhá mhí ó shin, agus ba iad náisiúnaithe na Catalóine a chinntigh go mbeadh daoine ag triall ar na botháin vótála don tríú holltoghchán le ceithre bliana anuas.
Tá Pedro Sánchez ina Phríomh-Aire ó Mheitheamh 2018 nuair a cuireadh an ruaig ar Mariano Rajoy i ndiaidh d’oifigigh ón Partido Popular (PP) a bheith ciontaithe i gcaimiléireacht.