Den gcéad uair le deich mbliana, beidh beirt ó leithinis Chorca Dhuibhne ar Chomhairle Contae Chiarraí, tar éis toghadh na nGearaltach, Breandán (Fianna Fáil) agus Séamus Chosaí (Fine Gael) sna toghcháin áitiúla inné.
Ach ní gan dua é.
B’éigean athchomhaireamh iomlán a dhéanamh ar na vótaí a caitheadh i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne, nuair nach raibh idir Séamus Chosaí Fitzgerald agus a leathbhádóir i bhFine Gael, Tommy Griffin, ach 56 vóta tar éis an gcúigiú comhaireamh.
Cé go raibh sé mar sheana-phort ag an gcomhairleoir de chuid Fhianna Fáil Michael D. O’Shea go raibh ualach cairt asail de vótaí caillte aige de dheasca na n-athruithe a deineadh ar theorannacha an toghcheantair, agus é á rá coitianta go raibh a shuíochán i mbaol, ní raibh, ná baol air.
Fuair sé 1,680 vóta céadrogha, agus cé nár bhain sé an cuóta 1,873 amach go dtí an tríú comhaireamh, bhí sé soiléir ón gcéad teailí go mbeadh an chéad shuíochán ag fear Bhaile an Mhuillinn.
Ba é an t-iarrthóir neamhspleách David Russell ó Choimín Chill Chúile an chéad iarrthóir a cuireadh as an áireamh. Ina dhiaidh siúd bhí iarrthóir Chomhaontas Glas, Michael Fitzgerald, ón gCaisleán Ó dhúchas ach atá ag maireachtaint i mBaile Átha Cliath. Dála iarrthóirí Chomhaontas Glas ar fud na tíre, chuir an líon vótaí a fuair Fitzgerald ionadh ar a lán, faoi mar a dhein an líon a fuair iarrthóir Shinn Féin, Robert Brosnan, an chéad uair ag Brosnachánach Chuilín a’ Daingin a bheith ina iarrthóir. Bé é an tríú ábhar iontais san ionad comhairimh i dTrá Lí ná gurb é Breandán Fitzgerald, Fianna Fáil, ó Bhaile na Buaile seachas Séamus Chosaí Mac Gearailt a bhí sa dara háit.
Ní raibh ach fiche vóta idir Cosaí agus Tommy Griffin tar éis an ceathrú comhaireamh, agus nuair a dáileadh vótaí Bhreandáin Mhic Gearailt, 56 vóta a bhí eatarthu. Lorgaíodh, agus ceadaíodh, athchomhaireamh iomlán. Bhíothas den dtuairim go bhféadfadh an triúr Gearaltach a bhí ar an bpáipéar ballóide mearathal a chur ar lucht an chomhaireamh, ach mar sin féin, níor dhein an t-athchomhaireamh aon difríocht, agus toghadh Séamus Chosaí Mac Gearailt ina éis.
Tá gá le cneácha a leigheas i bhFine Gael i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne tar éis an fheachtais, a dúirt Séamus Chosaí Fitzgerald tar éis an athchomhairimh. Dúirt sé go raibh sé féin agus leathbhádóir Tommy Griffin rómhór in iomaíocht lena chéile agus go gcaithfí “go leor cainte” a dhéanamh laistigh den pháirtí.