Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
carachtairi-na-leithinse:-‘bhi-na-haon-la-den-saol-go-maith!’

Carachtairí na Leithinse: ‘Bhí na haon lá den saol go maith!’

| Slaine Ni Chathallain | ,

Táim fillte ar Pharóiste Múrach d’eagrán na Samhna den sraithín Carachtair na Leithinse agus caithfidh mé a rá gur carachtar amach is amach é aoi na míosa seo. Sin é Gearóid Ó Beaglaoi ó Bhaile Ghainnín. Aisteoir, múinteoir matamataice, feirmeoir, (“tá cúpla caora agam, chun rud éigin a thabhairt le déanamh dom!”) fear pobail agus scata eile, ach chuireas féin aithne ar dtús air mar aisteoir. 

Is cuimhin liom bliain go ndein sé ceann des na deirfiúracha gránna sa gheamaireacht Cinder Eile a chuir Aisteoirí Bhréanainn ar stáitse. Cidona an ainm a bhí air sa dráma. Bhí folt bréige air, salaí arda agus gúna ag dul go dtí’n mBall Night, agus níor ghá duit ach féachaint ar Ghearóid agus thosnófá ag gáirí. Bhí sé déanta don bpáirt, gan a bhéal a oscailt in aon chor! 

Fear seoigh, i ngan fhios do féin is ea é. Is mar seo a bhí againn ach a ngabhas chuige, tráthnóna fiáin salach.

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?

“An chuimhne is sia siar im’ cheann; seanduine ar an mbaile a bheith caillte. Is dóigh liom go rabhas b’fhéidir timpeall ceathair agus dul síos go dtí’n tórramh agus b’ait liom cad a bhí suas. Ná fiafraigh dom aon rud eile a thit amach, ach cuimhin liom é bheith ligthe amach sa leaba agus daoine a bheith bailithe i dtig na gcomharsan agus mé ag rá liom féin, ‘ó wow, cad ‘tá ag tarlú anseo, saghas excitement is rudaí agus slua. B’ait liom cad a bhí suas.” 

Sa leaba, a dúirt Gearóid a bhíodh daoine ligthe amach an uair sin, “sara gcuirfí isteach i mbosca é.” Is cuimhin leis, leis, cérbh é an fear a bhí caillte. “Bhí sé thíos i dTig Mhaidhc Bruic, Beaglaois ab ea iad.” Ní raibh aon ghaol ag Gearóid leis.

Cén saghas duine tú?

“Duine breá réidh socair, a déarfainn. Is dóigh liom!” Is breá le Gearóid dul go dtí cluichí caide Chumann Caide na Gaeltachta. “Bhíodh na drámaí, tamall,” arsa é. “rachainn ag iascach, le slat nó i mbád, agus théinn go dtí’n cinemaan Film Club, nuair a bhíodh sé ann. Théinn regileálta ansan,” arsa é. “Tá Netflix is rudaí anois ann,” a deir sé!

Cén lá is fearr a bhí riamh agat?

“Ó, n’fheadar. Bhí na haon lá go maith. Gan dabht, bhí laethanta níos fearr ná a chéile but n’fheadar, ní sheasann aon lá amach níos fearr ná aon lá eile. B’fhéidir an lá a bhí Dara Ó Cinnéide ina chaptaen ar Chiarraí, go dtáinig an cupa ar an mBóthar, go Paróiste Múrach. Lá mór ab ea é sin, ach, dhera, bhí na haon lá go maith.”

Cad í an chomhairle a bheadh agat don aos óg inniu?

“Dein do dhícheall, oibrigh saghas cruaidh. Ná bíodh leisce ort athrú. Cím ar scoil an dream óg, tá siad ana-mhaith, i bhfad níos fearr ná mar a bhíomarna, muinín acu iontu féin is dóigh liom agus i bhfad níos socraithe is dócha. Ó thaobh amháin, ní chuireann rudaí nua isteach orthu ach ó thaobh eile, tá a lán brúnna eile orthu ná raibh ar an nglúin roimis sin ach déarfainn leo ‘pé rud a thabharfaidh tú fé, dein do dhícheall ach ná bíodh leisce ort athrú má bhraitheann tú go bhfuil rud éigin ná oireann duit.’”

Cad é an nath cainte is fearr leat?

“Casann an roth!” 

D’fhiafraíos de an raibh cúis aige leis sin agus dúirt sé ná raibh, ach “go gcasann an roth! Má dheineann tú rud éigin ná fuil go maith, tiocfaidh sé back ort. Filleann an feall ar an bhfeallaire.”

An t-amhrán nó píosa ceoil is ansa leat?

“Is maith liom U2 agus Bruce Springsteen, The River agus na hamhráin sin!”

An clár raidió nó teilifíse is fearr leat?

“Bhaininn ana-shásamh as agus cheapas gur ana-chlár ab ea 7 Lá ag TG4, é sin agus Prime Time agus cúrsaí reatha.”

Fear taistil leis é Gearóid agus samhraí caite aige i Meiriceá. Tá sé fillte ón Afraic le déanaí mar a bhfreastail sé ar phósadh agus bhí sé ar phósadh eile san Astráil roimhe sin. Breá lena chroí an Astráil. Tá Gearóid ag múineadh i gColáiste Íde i mBaile an Ghóilín laistiar de Dhaingean le 33 bliain agus chaith sé tréimhse i gCorcaigh ag múineadh roimhe sin agus i dTrá Lí leis. Is maith leis a mhúinteoireacht agus a chonách sin air!

Sláinte saoil, a Ghearóid!

Níos mó