Tá clár mapála na hÉireann de ghrinneall na farraige curtha i gcrích agus mapa d’Oileáin Árann ar fáil anois faoin gClár Mapála Scála Gorm.
Ó mhí Lúnasa tá 18 mapa ar fad curtha ar fáil sa tsraith seo ó INFOMAR, mapaí a léiríonn go mion topagrafaíocht na farraige ar chósta na hÉireann agus iad ar fad ar fáil saor in aisce don phobal i nGaeilge.
Tá deich mbliana oibre déanta ag saineolaithe ag réiteach do na mapaí seo – hidreagrafaithe lena scil sa taoide agus a bhfuil faoin bhfarraige, próiseálaithe sonraí leis an eolas a chur ina chéile agus cartagrafaithe. I dteannta a chéile mhapáil siad na tírdhreacha casta atá thíos faoi uisce na mara.
Bunaíodh clár INFOMAR [Mapáil Chomhtháite um Forbairt Inbhuanaithe ar Acmhainn Mhuirí na hÉireann] in 2006 agus aithnítear é mar cheannródaí ar fud na cruinne ó thaobh mapáil ghrinneall na mara. Tá an clár á bhainistiú i bpáirt ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus Foras na Mara.
Dúirt Thomas Furey, comhbhainisteoir ar chlár INFOMAR i bhForas na Mara, go raibh sé tábhachtach go mbeadh na mapaí seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
“Léiríonn an tSraith Mapaí Scála Gorm seo ár dtiomantas sonraí ar ardchaighdeán a sholáthar agus teacht an phobail ar an eolas sin a fheabhsú chomh maith,” a dúirt Furey leis an iris Afloat. “Léiríonn na mapaí seo ar fad a bheith á gcur ar fáil i nGaeilge againn gur mian linn uileghabhálacht teanga a chur chun cinn agus a bheith i dteagmháil le pobal na Gaeltachta ar fud na tíre.”
Dúir Seán Cullen, comhbhainisteoir INFOMAR le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann: “Tabharfaidh na mapaí seo deis do lucht labhartha na Gaeilge tabhairt faoi eolaíocht na mara ina dteanga féin agus deis atá ann freisin an pobal a chur ar an eolas faoi shonraí casta eolaíochta.”
Dúirt Michael Gillooly, an Príomhfheidhmeannach eatramhach ar Fhoras na Mara: “Tá 25% de cheantar cósta uilig na hÉireann sa nGaeltacht agus mar sin tá mé an-sásta go bhfuil an tsraith nua de na mapaí sainiúla seo ar fáil i nGaeilge.”
Tá cuid de na gnéithe is spéisiúla de thírdhreach cósta na hÉireann le feiceáil ar mhapa nua Oileáin Árann.
Tírdhreach ar leith atá ar na hoileáin sin mar gur aolchloch charstach nó bhoireannach is mó ar oileáin Árann, cosúil le Boirinn an Chláir agus neamhchosúil le clocha eibhir Chonamara ó thuaidh díobh.