Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Podchraoltaí Siamsúla Gaeilge

| Dáithí Anraí |

Seo daoibh blaiseadh de na podchraoltaí Gaeilge is fearr linn anseo in PEIG.ie. Caith súil ar ár liosta. An bhfuil dearmad déanta againn ar aon cheann eile?

Beo Ar Éigean

Podchraoladh de chuid RTÉ é Beo ar Éigean a bhfuil an-chuid cáile bainte amach aige le míonna beaga anuas. Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin a bhíonn ina bhun, triúr atá ag saothrú a gceirde leis an gcraoltóir náisiúnta le tamall anuas. Is minic go mbíonn aíonna éagsúla acu, cairde an triúir a bhformhór, a mbíonn spraoi agus scléip ag baint leo i gcónaí.

Pléann siad cúrsaí móra an tsaoil: imeachtaí, oícheanta amach, cairdeas, pósadh agus roinnt ábhar comhaimseartha eile. Cuirtear an clár i láthair i bhfoirm neamhfhorimeálta ó thús go deireadh. Podchraoladh deas siamsúil atá ann a bhfuil an-chuid éadroime ag baint leis. Éist leis anseo.

Cluasraon
Podchraoladh spéisiúil is ea Cluasraon a chuireann idir phodchraoltaí agus shruthú beo ar chlúichí ríomhaire amach. Is iad Críostóir Ó Faoláin agus Natália Uí Fhaoláin a bhíonn á reáchtáil, beirt atá gníomhach i saol na Gaeilge. Pléitear réimse leathan ábhar agus scéalta ar an bpodchraolah, ó chúrsaí taistil is faisin go cursaí atá ar siúl i saolta na beirte trí chéile.

Ar nós Beo ar Éigean, is minic go mbíonn aíonna acu ag tabhairt léargas ar réimsí sainspéise a bhfuil suim acu iontu. Dóibh siúd a bhfuil suim acu sna sruthanna beo, is faoin ainm Imreoir1 a imrítear na cluichí, Fortnite agus cinn eile nach é. Craoltar an sruthú ar Twitch agus cuirtear iad ar Youtube freisin. Éist leis anseo nó is féidir dul chuig a gcuntas ar Youtube anseo nó ar  an gcuntas ar Twitch anseo.

Pod don Eolach

Podchraoladh seachtainiúil is ea Pod don Eolach a chuirtear i láthair ag an iriseoir Maitiú Ó Coimín faoi chúrsaí reatha na seachtaine. De ghnáth bíonn an láithreoir é féin agus beirt eile i mbun cainte chun na scéalta is mó léamh ar an suíomh nuachta NÓS.ie a phlé agus a chíoradh.

Déantar taifead ar an bpodchraoladh seo in áiteanna éagsúla ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus Nua Eabhrac fiú. Bíonn plé suimiúil ar siúl i gcónaí agus coinníonn na haíonna difiriúla úire ar leith leis ó sheachtain go seachtain. Cé go bhfuil sé dírithe ar chúrsaí nuachta den chuid is mó, bíonn acmhainn grinn le cloisteáil go minic. Éist leis anseo.

ClubLeabhar.com

Ceann de na podchraoltaí is seanbhunaithe é ClubLeabhar.com a fhoilsítear ag an gcomhlacht Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath. I bhfoirm thradisiúnta roghnaítear leabhar amháin in aghaidh na míosa agus déantar léirmheas air. Déantar iarracht leabhair ó sheánraí éagsúla a roghnú, idir aistriúcháin agus leabhair atá ar an bhfód le fada go leabhair nuafhoilsithe atá i mbéal an phobail.

Dar lena suíomh tá 2259 duine cláraithe mar bhaill den chlub é féin, a bhfuil fóraim agus clubanna leabhair áitiúla ag feidhmiú mar chuid de. Má tá spéis agat sa litríocht, is fiú duit cluas a chaitheamh i dtreo an phodchraolta seo. Éist leis anseo.

Blas (BBC Gaeilge)

Podchraoladh de chuid BBC Gaeilge is ea Blas a dhéanann soláthar ar ábhar Gaeilge a chaoltar ar BBC Radio Ulster agus BBC Radio Foyle. Is iomaí láithreoir atá acu a dhéanann plé ar éagsúlacht mhór ábhair, cúrsaí reatha, staire agus Gaeilge gan ach cúpla ceann a lua.

Mar aon leis an ábhar ón raidió, foilsíonn siad a bpodchraoltaí seachtainiúla féin bunaithe ar scéalta atá i mbéal an phobail. Bí ar an eolas nach bhfuil ach saol 30 lá ag gach clár a chuirtear suas ar an ardán; baintear iad uaidh ina dhiaidh sin. Tá fócas an phodchraolta ar chúrsaí ó thuaidh den chuid is mó, ach cuimsítear scéalta eile ó áiteanna ar fud an oileáin chomh maith.

Ábhar éisteachta eile:

Motherfoclóir – Podchraoladh mór le rá is ea Motherfoclóir a dhíríonn ar stair, cultúr, oidhreacht, saibhreas agus áilleacht theanga na Gaeilge. Cuirtear i láthair é trí mheán an Bhéarla, cé go bhfuil sé go iomlán bunaithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaelachais.

Is mór an cháil atá bainte amach aige le bliain anuas agus tá sé ag dul ó neart go neart go fóill. Bí ag súil leis an leagan is déanaí ar bhonn seachtainiúil. Éist leis anseo.

Closleabhair Cois Life – In ainneoin nach podchraoltaí iad, is iontach an áis atá curtha ar fáil ag Cois Life lena rogha closleabhar. Tugann siad deis do na húdair iad féin a leabhair a léamh agus a thaifead ionas go mbeidh siad dílis do na bunsaothair atá scríofa acu.

Cuirtear na cosleabhair ar fáil go saor in aisce uilig, agus is féidir iad a íoslódáil mas maith leat éisteacht le ceann acu ar an traen nó ar an mbus. Breathnaigh ar chlosleabhair Cois Life anseo