5 Bhláth Fhiáin faoi bhláth i Mí na Bealtaine
Le samhradh na bliana seo ag druidim chugainn faoi dheireadh, tá deis againn sult a bhaint as an áileacht nádúrtha atá ag fás mórthimpeall orainn agus na bláthanna agus plandaí fiáine faoi bhláth.
Seo cúig shampla de bhláthanna dúchasacha a bheidh le feiceáil faoi bhláth i Mí na Bealtaine.
Lus-Míonla (Forget-me-not)
Tá na bláthanna beaga gorma seo le feiceáil ó Mhí Bealtaine go Mí Lúnasa. Fásann lusanna-míonla i riasca agus i dtalamh bog, fliuch.
Feileastram (Yellow Flag)
Tá cuma inaitheanta ar an bhfeileastram de bharr na peitil mhóra bhuí a bhíonn faoi bhláth air ó Mí Bealtaine go Mí Iúil. Tagtar ar an mbláth seo i bpáirceanna fliucha agus cóngarach do shrutháin agus linnte.
Lus croí (Field Pansy)
Bíonn na bláthanna beaga seo faoi bhláth idir Mí Aibreán agus Mí Deireadh Fómhair gach bliain. Feictear na bláthanna geala i ndeisceart, in oirthear agus i dtuaisceart na hÉireann ag fás ar thalamh gan saothrú, ach ní bhíonn siad le feiceáil go coitianta san iarthar.
Nóinín Cladaigh/Caoróg Mhara (Sea Pink)
>Fásann nóiníní cladaí ar an gcósta ar fud na tíre. Tá cuma gleoite ar na bláthanna bídeacha bándearga a fhásann le chéile ar aon ghas amháin. Feictear iad de ghnáth ar charraigeacha, aillte, riasca salainn, bruacha bóthair cósta agus ballaí ach ó am go chéile intíre i dtuaisceart agus in iarthar na hÉireann ar shléibhte
Peasairín Shearbh (Bitter Vetch)
Fásann peasairín shearbh ar fud na tíre ach amháin i lár na hÉireann, ar ithreacha neamhthorthúla neodracha agus aigéadacha ar fhéarthailte fraochmhá nó creagach, coillte, taobhanna bóthair agus bruacha abhann. Bíonn bláthanna le feiceáil ar an bplanda idir Mí Aibreán agus Mí Iúil
Má tá breis eolais ar bláthanna fiáine uait, is féidir freastal ar an Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin