Smaointe do choinne le dul i gcion ar Ghael
Is lucht teanntásach iad na Gaeil. Go háirithe nuair atá coinní i gceist, is beag eolas atá amuigh ansin faoi conas iad a mhealladh. Seo thíos ár liosta de na bealaí is éifeachtaí le dul i gcion ar do ghrá geall Gaelach.
Tá iliomad cineál Gael amuigh ansin. Fíorghaeil, leathghaeil, bréagGhaeil agus eile. Is cinnte más Gael de shaghas ar bith é/í do chomrádaí, go mbeidh suim ollmhór aige nó aici i scannáin bunaithe ar stair na hÉireann.
Ar ndóigh, d’fhéadfadh an scannán atá i gceist an Gael úd a mhaslú leis an míchruinneas staire nó leis an aisteoireacht mhíchumasach, ach cinnte go mbeidh spéis aige nó aici i céard atá le feiceáil ann. Cuirfidh an scannán ag caint é/í, agus is tús maith é sin do choinne dar linn. Déan do dhícheall gan easaontú leis/léi ar aon mhórcheist staire áfach – rachaidh cúrsaí in olcas dá bharr.
Cloistear go minic go bhfuil dúil ag roinnt Gael san alcól, agus más maith linn ginearálú leathan a dhéanamh is fíor an ráiteas sin. Chun leas a bhaint as an dúil sin, d’fhéadfaí turas a shocrú go drioglann, grúdlann nó áit eile a dhéanann a ndeoch alcóil fhéin.
Cuireann formhór na n-áiteanna seo béim ar an ‘eispéireas’ a chuirtear ar fáil agus is minic go mbíonn eispéiris dhearfacha ag Gaeil nuair atá alcól i gceist. Turas foghlama, spraíúil agus dodhearmadta a bheidh ann má cheannaíonn tú cuimhneachán dó/dí sa siopa ag an deireadh. Deoch gur féidir libh a roinnt ar an gcéad choinne eile b’fhéidir?
Taitníonn na rudaí simplí leis na Gaeil. Suaimhneas, an Ghaeilge agus ar ndóigh, bricfeasta mór friochta ar maidin. Bricfeasta folláin mór Gaelach atá i gceist againn anseo. Ceann a thugann sásamh agus biseach dó/di le tús ceart a thabhairt don lá.
Má dhéanann tú di/dó bheadh sé sin níos fearr arís. Beidh tú níos mó leis/léi má chaitheann tú an t-am ag gríoscadh an bhagúin, ag scalladh na n-uibheaccha agus ag tóstáil an aráin sin. Geallaimid daoibh – beidh ríméad an tsaoil ar an nGael ina dhiaidh sin.
Níl bealach níos fearr le do ghrá geall a mhealladh le hoíche lán le filíocht, idir dhánta grinn agus grá, agus ar ndóigh, an Ghaeilge. Bíonn oícheanta mar seo ar fáil timpeall na tíre, mar sin tá rogha leathan agaibh freastal ar áiteanna éagsúla.
D’fhéadfá fiú dán a chumadh agus é a chur faoina mbráid ar an oíche le do ghrá a léiriú dóibh agus a gcroí a mhealladh. B’fhéidir gur fiú é a chinntiú le cara leat roimh ré nach bhfuil an dán iomarcach nó thar fóir. Is lucht léannta iad na Gaeil, nach iad?
Má tá paisean ag na Gaeil don teanga is ionann an paisean nuair atá an CLG i gceist. Cuirtear faoi gheasa iad is dathanna a gcontae fhéin le feiceáil ar an bpáirc imeartha, agus téann siad ar mire nuair a shéidtear an fheadóg mhór ag cur tús leis an gcluiche.
Eispéireas taithneamhach a bheidh ann cinnte má éiríonn le contae an Ghaeil úd an bua a bhaint amach, agus a mhalairt glan má theipeann orthu. Pé scéal é, bheadh sé chun do leasa suim agus paisean do chuid fhéin a léiriú agus an cluiche faoi lánseol. Beidh sibh beirt in ann an ceangal eadraibh a láidriú ag úsáid an chur chuige seo.