Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<div-class="credit-nos"></div>-an-taontas-ceilteach?-cen-chuma-a-bheadh-ar-ae-ata-‘cothrom’?

An tAontas Ceilteach? Cén chuma a bheadh ar AE atá ‘cothrom’?

Agus toghcháin na hEorpa ag teannadh linn, tá léarscáil a dearadh roinnt mhaith bliana ó shin á roinnt arís ar na meáin shóisialta — léarscáil den Aontas Eorpach le teorannacha nua a bheadh ‘cothrom’ ó thaobh daonra de. 

Mar is eol dúinn, tá 28 (faoi láthair) tír san Aontas, agus caitheann saoránaigh na dtiortha sin a vóta i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, a bheidh ar siúl ar fud na hEorpa ag deireadh na seachtaine seo chugainn. Faigheann gach tír méid áirithe suíochán sa bParlaimint idirnáisiúnta ag braith ar líon na ndaoine atá ina gcónaí sna tíortha sin. 

Mar shampla, tá sé shuíochán ag Málta agus an Eastóin araon, na tíortha “is lú” san Aontas, agus tá beagnach 100 suíochán ag an nGearmáin, tír ina bhfuil breis agus 80 milliún duine ina gcónaí ann. Ní hamhlaidh an scéál i gcás an Choimisiún — tá Coimisnéir amháin ag gach tír beag beann ar líon na ndaoine atá sa tír sin, agus d’fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil sé sin ‘cothrom’. 

Tharraing an cartagrafaí Alasdair Gunn an léarscáil seo den Eoraip cúpla bliain ó shin — sular tháinig borradh ghluaiseacht na saoirse in Albain agus sular chinn muintir na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach ar fad. 

Mar sin féin, tá léiriú spéisiúil le fáil ann ar an gcuma a bheadh ar an Eoraip dá gcuirfí teorannacha nua i bhfeidhm don Choimisiún a chinnteodh go mbeadh Coimisinéir amháin do gach 18 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach faoi láthair. 

D’fhíorófaí aisling an Chonartha Cheiltigh agus ‘An tAontas Ceilteach’ ar an bhfód ar deireadh — aontas d’Éirinn, Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus an Bhriotáin (ar ndóigh ní ball den AE iad na Manannaigh). 

Chuirfí an Chríochdheighilt i bhfeidhm sa mBreatain agus trí aonad nua riaracháin ann — ‘Northland’ (oirthear na hAlban chomh fada ó dheas le Manchester), Anglo-Mercia (lár Shasana agus an cósta thoir) agus ‘New Saxony’ ina mbeadh cathair London agus deisceart Shasana. 

Thiocfaí méadú mór ar Thír na mBascach, nó Vasconia mar a thugtar sa léarscáil seo uirthi, agus í ag síneadh ó dheisceart na Briotáine timpeall Bhá na Bioscáine go hiarthar thuaisceart na Spáinne. Bheadh deireadh le ceist na Catalóine agus an ceantar slogtha isteach sa ‘gCósta Bailéarach’, agus dhéanfaí aon tír amháin de chúig thír in ‘Baltica’ — an Fhionlainn, an Liotuáin, an Eastóin, an Laitvia agus an tSualainn. 

Dúirt an dearthóir Alasdair Gunn leis an iris Big Think nach raibh sé i gceist aige léiriú a dhéanamh ar “aonaid chearta rialtais” ach go gcaitheann a léarscáil solas ar an “éagothromas mór” atá ann idir ballstáit an Aontais Eorpaigh. 

Níos mó
NÓS | NÓS