Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nios-lu-na-deich-dticead-fagtha-d’fheile-na-gealai

Níos lú ná deich dticéad fágtha d’Fhéile na Gealaí

Tá níos lú ná deich dticéad campála ar fáil d’Fhéile na Gealaí a bheidh ag tosú i Ráth Chairn na mí amárach. Tá nach mór iomlán na dticéad campála díolta ag lucht eagraithe na féile agus deir siad nach mbeidh fáil ar thicéad campála ar an ngeata ar pháirc peile an bhaile Gaeltachta tráthnóna amárach. 

Mura bhfuil ticéad campála ceannaithe go fóill ag duine ar mhaith leis freastal ar an bhféile cheoil is mó fás i saol na Gaeilge, ní mór dó dul ar Eventbrite inniu agus ceann de na ticéid dheireanacha a chinntiú dó féin. 

Beidh ticéid lae ar díol ar an ngeata ag Féile na Gealaí i gcaitheamh an deireadh seachtaine do dhaoine nach mian leo a bheith ag campáil i Ráth Chairn.

Tá bus eagraithe ag Club Chonradh na Gaeilge arís i mbliana le lucht freastail na féile a thabhairt ó lár Bhaile Átha Cliath go Ráth Chairn Dé hAoine seo chugainn. Beidh an bus ag fágáil 6 Sráid Fhearchair ag 15.00 ar an 14 Meitheamh agus ag filleadh ó Ráth Chairn ag 15.00 ar an 16 Meitheamh. Cuireadh suíocháin bhreise ar fáil an tseachtain seo mar gheall ar an éileamh mór. 

Tá fás mór tagtha ar an bhféile i mbliana agus trí láthair champála le bheith ann le hais aon cheann amháin sna blianta a d’imigh tharainn. Beidh láthair ar leith ann i mbliana ar pháirc peile Bhunscoil Uí Ghramhnaigh do theaghlaigh a bheidh ag freastal ar an bhféile, chomh maith le dhá láthair champála do ghnáthmhuintir na féile.

Beidh na láithreacha sin buailte ar láthair na féile ar pháirc CLG Clann na nGael i Ráth Chairn, cúpla nóiméad siúil ó lár an bhaile Gaeltachta. Is ar an bpríomhláthair seo a bheidh leithéidí Kneecap, An Chéad Ghlúin Eile, Bréag, Dáithí, Vigilanti, agus go leor leor eile nach iad. Is ann a bheidh na himeachtaí siamsaíochta ar nós ceardlanna damhsa, ióga, agus an ‘Rave Bricfeasta’ ar siúl freisin.

Ar Pháirc Chuimhneacháin Ráth Chairn, taobh le leabharlann an bhaile, beidh na himeachtaí teaghlaigh ar siúl. Beidh ceardlann agus seó puipeadóireachta á ndéanamh ag an gcomplacht Fíbín, agus beidh caisleán spraoi, cluichí, comórtais, péinteáil aghaidhe agus go leor eile ar siúl ann i gcaitheamh na féile.

Níos mó