Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-coras-nua-dhioluine-na-gaeilge-‘ag-teacht’-le-moltai-an-11,000-duine-a-nocht-a-dtuairim

Córas nua dhíolúine na Gaeilge ‘ag teacht’ le moltaí an 11,000 duine a nocht a dtuairim

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Tá freagra tugtha ag an Roinn Oideachais ar an gcáineadh atá déanta ag saineolaithe oideachais ar an gcóras nua díolúintí a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo caite.

Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie go raibh an córas nua a d’fhógair an tAire “ag teacht cuid mhór” lena raibh le rá ag an mbreis is 11,000 duine a d’fhreagair suirbhé na Roinne faoin díolúine.

Mhaígh an t-urlabhraí gur i gcásanna eisceachtúla amháin a cheadófaí díolúine feasta, an t-áiteamh is mó a bhfuil amhras léirithe ag saineolaithe oideachais faoi ó fógraíodh an córas nua.

Ach dúirt urlabhraí na Roinne fiú sa chás “eisceachtúil” go gceadófaí díolúine gur chóir deiseanna a chur ar fáil don dalta blaiseadh de “ghnéithe den Ghaeilge agus den chultúr, de réir mar a fheileann dá chumas agus dá shuimeanna”.

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith go dtugtar san áireamh sa chóras nua na hathruithe móra atá tagtha ar na daltaí atá i scoileanna na hÉireann, ar na leasuithe atá déanta ar churaclaim, ar mhodhanna teagaisc agus ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfoilseofar an tuarascáil a d’eascair as an phróiseas chomhairliúchán a reáchtáil an Roinn Oideachais faoi chóras na ndíolúintí sa chéad dá sheachtain den mhí seo chugainn.

Cuirfear na ciorcláin agus na treoirlínte nua maidir le díolúine na Gaeilge amach chuig na scoileanna ag an am céanna.

Tá saineolaithe oideachais atá in amhras faoin gcóras nua atá molta ag an Roinn ag éileamh ar an Aire Oideachais Joe McHugh an tuarascáil a bhaineann leis an phróiseas a fhoilsiú láithreach.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir, duine de shaineolaithe móra an oideachais in Éirinn, nach bhfuil ‘bunús taighde ar bith’ leis na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh orthu.

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir, leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le Tuairisc.ie nach mbeadh “bun ná barr” leis an chóras nua.

Dar le Ó Duibhir agus saineolaithe oideachais eile gur gá don Roinn Oideachais sainmhíniú beacht a thabhairt ar cad atá i gceist acu le ‘annamh agus eisceachtúil’ i gcás dhíolúine na Gaeilge.

Agus na hathruithe atá beartaithe acu ar chóras na ndíolúintí á bhfógairt an tseachtain seo caite acu, mhaígh an Roinn Oideachais gur rud ‘annamh agus eisceachtúil’ a bheidh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach dar le saineolaithe áirithe gur a mhalairt a bheidh fíor agus gurb amhlaidh go bhfágfaidh na hathruithe go mbeidh níos mó díolúintí ón nGaeilge ná riamh á gceadú.

I measc na n-athruithe a fógraíodh ní bheidh aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. Anuas air sin beidh cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Shéan urlabhraí na Roinne nach raibh bunús taighde leis an gcóras nua.

Dúirt an t-urlabhraí gur tugadh san áireamh agus an córas nua á cheapadh an t-athrú atá tagtha ó tugadh an seanchóras isteach 20 bliain ó shin ar an tuiscint atá ann ar an bhfoghlaim, ar riachtanais speisialta oideachais agus ar bhuntáistí an dátheangachais.

“De réir mar a dhéantar curaclaim nua a fhorbairt do theangacha agus leasuithe eile oideachais a chur i bhfeidhm ní mór socruithe níos feiliúnaí  a dhéanamh ar mhaithe le tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla, agus ag an am céanna, freastal ar gach páiste ar bhealach uileghabhálach ó thaobh na foghlama,” arsa an t-urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie.

Dar le Conradh na Gaeilge go bhféadfadh go gceilfí an deis ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim faoin gcóras nua.

Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go raibh an baol ann gurbh ionann an córas nua díolúintí agus bealach leis an nGaeilge roghnach a thabhairt isteach an ‘cúldoras’.

Níos mó