Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deireadh-le-mioruilt-mhaigh-eo-agus-aisling-atha-chliath-beo-i-gconai

Deireadh le míorúilt Mhaigh Eo agus aisling Átha Chliath beo i gcónaí

| Padraic O Ciardha |

Áth Cliath 3-14 Maigh E0 1-10

Tá peileadóirí Átha Cliath fós ag gabháil don ráig ar chúig agus deireadh curtha acu le haisling Mhaigh Eo  i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí Maigh Eo ar fheabhas sa chéad leath agus tosaithe Átha Cliath coinnithe faoi chois acu ach nuair a tugadh beagán spáis d’fhoireann Jim Gavin sa dara leath, rinne siad scrios.

Níor aimisgh Áth Cliath ach sé phointe sa chéad leath sin, gan ach trí cinn acu ón imirt, agus bhí siad dhá phointe chun deiridh, 0-8 in aghaidh 0-6, ag leath ama. Iompaíodh an cluiche bun os cionn go luath i ndiaidh thús an dara leath áfach nuair a scórail Áth Cliath 2-6 sa chéad aon nóiméad déag i ndiaidh an bhriseadh. Bhí Maigh Eo, a bhí chomh maith sin, curtha go tóin poill.

Rinne Lee Keegan sárjab ag marcáil Con O’Callaghan sa chéad leath ach bhí mí-ádh dearg ar fhear Mhaigh Eo tar éis 36 nóiméad nuair a d’éalaigh O’Callaghan uaidh tar éis do Keegan sciorradh. Bháigh fear Átha Cliath a iarracht isteach san eangach chun seaimpíní na hÉireann a spreagadh.

D’aimsigh Niall Scully, Dean Rock agus Paul Mannion pointí d’Áth Cliath ina dhiaidh sin chun an bhearna idir na foirne a mhéadú go dtí sé phointe. Nuair a d’aimsigh Con O’Callaghan cúl gleoite eile d’Áth Cliath tar éis 45 nóiméad, bhí rás Mhaigh Eo rite.

Fuair Maigh Eo a gcéad scór den dara leath i ndiaidh 51 nóiméad nuair a fuair Lee Keegan cúl, ach ní dhearna sé difir ar bith agus iad fós chun deiridh, 2-12 in aghaidh 1-8 .

Bhí an liathróid san eangach ag Áth Cliath arís deich nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil Brian Fenton i ndiadh píosa chomhimeartha idir Ciarán Kilkenny agus O’Callaghan.

Briseadh croí a bhí ann arís do Mhaigh Eo, go háirithe i ndiaidh dóibh taispeántas den scoth a thabhairt uathu ó thaobh na cosanata chéad leath.

Ní hamháin go raibh imreoirí Mhaigh Eo diongbháilte ach léirigh siad an-scil agus iad ag iarraidh a gcéilí comhraic a díshealbhú. 

Léiríodh dúrúch oibre Mhaigh Eo nuair a rith James Carr, tosach óg a d’imir a chéad chluiche craoibhe do Mhaigh an mhí seo caite, siar chun an liathróid a baint de James McCarthy leath bealaigh tríd an chéad leath.

D’aimsigh Colm Boyle agus Paddy Durcan dhá scór inspioráideach ina dhiaidh sin chun Maigh Eo a spreagadh tuilleadh ach nuair a séideadh an fheadóg ag leath ama, ní raibh Maigh Eo  ach dhá chúilín chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-6.

Bhí an bhearna sin laghdaithe ag Dean Rock le cic saor 40 soicind isteach sa dara leath. Bhí deis ag Paddy Durcan ar scór ach thit a iarracht gearr. Bhí an liathróid san eangach ag O’Callaghan 20 soicind ina dhiaidh sin.

Áth Cliath: S. Cluxton; D. Byrne, J. Cooper, M. Fitzsimons; J. McCaffrey, J. McCarthy, J. Small; B. Fenton (1-1), M. D. Macauley; N. Scully (0-2), C. O’Callaghan (2-0), B. Howard; P. Mannion (0-5), D. Rock (0-6, 6 chic saor), C. Kilkenny. Fir Ionaid: C. O’Sullivan in áit M. D. Macauley (49 nóim); E. Murchan in áit J. Small (62 nóim); C. Costello in áit P. Mannion (65 nóim); P. McMahon in áit J. Cooper (68 nóim); D. Connolly in áit N. Scully (70 nóim); P. Andrews in áit C. O’Callaghan (70 nóim).

Maigh Eo: R. Hennelly; C. Barrett, B. Harrison, S. Coen (0-1); L. Keegan (1-0), C. Boyle (0-1), P. Durcan (0-2); M. Ruane, S O’Shea (0-1); D. Vaughan, A. O’Shea, D. O’Connor; F. McDonagh, C. O’Connor (0-3, 2 chic saor), J. Carr (0-1). Fir Ionaid: K. Higgins in áit D. Vaughan (29 nóim); K. McLoughlin in áit F. McDonagh (49 nóim); A. Moran in áit J. Carr (52 nóim); E. O’DOnoghue in áit C. Boyle (57 nóim); T. Parsons in áit S. O’Shea (60 nóim); F. Boland (0-1) in áit D. O’Connor (68 nóim).

Réiteoir: Conor Lane (Corcaigh).

Níos mó