![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fisean:-“sabhailtear-na-speirini”](/wp-content/themes/yootheme/cache/6b/fisean-sabhailtear-na-speirini-6b6832f3.png)
FÍSEÁN: “Sábháiltear na Spéiríní”
Labhair muid le Sinéad Ní Mhearnóg ón Chaisleán Ghlas i gCo Thír Eoghain, baile beag atá suite i lár na Spéiríní nó sleibhte Mhuintir Luinnigh. Tá comhlacht ó Cheanada darb ainm Dalradian Gold ag iarraidh mianach óir agus ionad próiseála a thógáil ansin agus tá Sinead mar bhall de ghrúpa atá i gcoinne na n-oibreacha seo, grúpa darb ainm Sábháiltear na Spéiríní.
Buíochas leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an físeán seo a dhéanamh.