Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gearrliostai-leabhar-na-bliana-fogartha-ag-oireachtas-na-gaeilge

Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Tá gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’, fógartha inniu ag Oireachtas na Gaeilge.

Sé leabhar atá ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.

Trí leabhar a d’fhoilsigh LeabhairComhar atá ar ghearrliosta leabhar na bliana –  Titley le Máirtín Coilféir, leabhar critice faoi shaothar Alan Titley, saothar beathaisnéise Celia de Fréine, Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí, agus Tairngreacht, scéinséir le Proinsias Mac a’ Bhaird.

Is iad na saothair eile atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana seo, An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra, insint úr ar aoirscéal a scríobhadh ó pheann anaithnid sa bhliain 1300, a d’fhoilsigh Leabhar Breac; Lámh, Lámh eile, an t-úrscéal bleachtaireachta le hAlan Titley a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht agus Gráinne Gaiscíoch Gael, leabhar Shiobhán Parkinson faoi Ghráinne Ní Mháille.

Gearrliosta do Ghradam Réics Carlo

Cúig shaothar atá ar an ghearrliosta do Ghradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga. Cois Life, an teach foilsitheoireachta a bheidh ag dúnadh i mbliana, a d’fhoilsigh trí cinn de na leabhair ar ghearrliosta an Ghradaim Réics Carló – Spéirling le hOrna Ní Choileáin, Nóinín le Máire Zepf agus Boscadán le hÁine Ní Ghlinn. D’fhoilsigh Futa Fata, an dá leabhar eile atá ainmnithe don ghradam don leabhar is fearr do dhaoine óga – Beag Bídeach le Sadhbh Devlin agus Percy Péacóg le Gemma Breathnach.

Sé leabhar atá ar an ghearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe,  gradam nua do shaothar aistrithe.

Is iad na leabhair sin: K.O.S.T.K.A le Przemyslaw Wysoglad SJ, aistrithe ag Mark Ó Fionnáin (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), File ar Fhile le Rimbaud, Anedda, Machado, Fried agus Chedid, aistrithe ag Liam Ó Muirthile, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock, Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Cois Life), Mo Theachín Gan Chuma Gan Chaoi, le Julia Donaldson, aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata), Asterix agus Troid na dTreabh le R. Goscinny & A. Uderzo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock (Dalen Éireann), Charlie agus Monarcha na Seacláide le Roald Dahl,aistrithe ag Niamh Ní Argáin (Leabhar Breac), Bertie Brocach le Alan MacDonald, aistrithe ag Marion Ní Shúilleabháin (Cló Iar-Chonnacht).

Gearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe

Ag tagairt d’fhógairt an ghearrliosta do ghradam leabhar na bliana, dúirt , Feargal Ó Béarra, duine den seisear údar atá ainmnithe, gur “deas é an t-aitheantas” a fháil.

“Tá súil agam go léifidh daoine An Tromdhámh le faghairt is fuinneamh ach go ngabhfaidh siad ar thóir an bhunleagain freisin (Tromdhámh Guaire) go mblaise siad den saibhreas suaithinseach atá i dtaisce i litríocht na hÉireann,” a dúirt Feargal Ó Béarra.

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo.

“Tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus tá áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin agus aitheantas cuí a thabhairt don obair mhór atá ar siúl. Tugann sé misneach dúinn go bhfuil seacht leabhar déag á bhfógairt againn inniu a foilsíodh le deich mí anuas agus tréaslaím leis na Tithe Foilsitheoireachta as an díograis, an paisean agus sár-chaighdeán na foilsitheoireachta atá acu”, a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh “lúcháir” air go raibh na gradaim fhoilsitheoireachta “á leathnú amach”. 

“Déanaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá fás mór i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain; tá leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí, do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge. Tá lúcháir orm go bhfuil na gradaim fhoilsitheoireachta á leathnú amach agus gradam úr, Gradam de Bhaldraithe, curtha leo i mbliana den chéad uair chun aitheantas cuí a thabhairt dá saothar i réimse an aistriúcháin.  Guím gach rath ar na Tithe Foilsitheoireachta”.

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath ar an 1 Deireadh Fómhair 2019. Duaischiste €17,000 atá le bronnadh.

Níos mó