Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-hot-house-flowers-i-dtra-li-agus-imeachtai-eile

Hot House Flowers i dTrá Lí agus imeachtaí eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

The Hothouse Flowers, Sráid Deiní (mar chuid d’imeachtaí Fhéile na Rós), Trá Lí, Dé hAoine, 23 Lúnasa @ 21:30

An bhfaca tú The Hothouse Flowers le déanaí ag an bhFleadh Cheoil? Nach acu a bhí an ceol agus leagan den amhrán Sí do Mhamó Í go bríomhar acu dúinn! Beidh deis arís eile agat an banna seanbhunaithe seo óna gcuid laethanta scoile i gColáiste Eoin a fheiscint ag ócáid saor in aisce i dTrá Lí na Ríochta. Tá Féile na Rós ar lic an dorais againn agus mar chuid den gclár tá go leor imeachtaí (gan aon chostas orthu) beartaithe. Ina measc, ceolchoirm le The Hothouse Flowers, a bheidh ar siúl ar Shráid Deiní Dé hAoine beag seo.

McNamee’s, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, Dé Sathairn, 24 Lúnasa @ 20:00

Pop Up Gaeltacht, Tábhairne Dice, Margadh na Feirme, Déardaoin, 29 Lúnasa @ 20:00

Mar is iondúil, uair sa mhí, roghnaítear tigh tábhairne agus buaileann dream daoine le chéile ann a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Déanfar amhlaidh arís, ar an Déardaoin deireanach den mhí seo agus Margadh na Feirme roghnaithe mar láthair na hócáide. Is i dtábhairne Dice Bar, taobh leis an Luas, a bheidh an teacht le chéile. N’fheadar fútsa, ach táimse ag tnúth go mór leis.

Mura féidir leat fanacht go dtí sin, bí ar an eolas go mbeidh a leithéid d’oíche ar siúl in Oirthear na Gaillimhe Dé Sathairn, eagraithe ag an grúpa Gaeilge Locha Riach. Fan go gcloisfidh tú – beidh duaiseanna ar fáil dóibh siúd a chuireann a gcuid Gaeilge chun cinn i rith na hoíche! Cúis mhaith eile le freastal air!

Músaem Chorca Dhuibhne

Músaem an Fheirtéaraigh, Baile an Fheirtéaraigh, Dé Domhnaigh, 25 Lúnasa @ 10:00

Tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta faoi lán seoil! Cuireadh tús leis an Satharn seo caite, agus mairfidh sé go dtí deireadh an deiridh seachtaine! Tá Músaem beag álainn i mBaile an Fheirtéaraigh, i gCorca Dhuibhne agus scaoilfear isteach thú, gan táille a íoc, Dé Domhnaigh beag seo. Ní hamháin go bhfuil iarsmaí luachmhara ann, ach tá siopa leabhar deas ar an láthair áit a ndíolann siad leabhair agus táirgí ceardaíochta; chomh maith le caifé beag, áit a bhfaighidh tú cístí, scónaí agus ábhar eile bácála! Nium!

Dysania ag casadh ag Gradaim Cheoil NÓS. Pictiúr Conor McCabe Photography

Dysania, The Workman’s Club, Cé Wellington, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 28 Lúnasa @ 20:30

Bhíos ag trácht ar an mbanna ceoil Dysania ar an leathanach seo an tseachtain seo caite, agus Liú Lúnasa faoi chaibidil agam. Ná dearúd go mbeidh siad i measc na mbannaí a bheidh ag Ceolchoirm Laochra Liú Dé Sathairn beag seo, agus ina dteannta beidh DJanna na féile, Tadhg & Geal, Emma Ní Fhíoruisce agus J.J. Ó Dochartaigh.

Bí ar an eolas chomh maith áfach, go mbeidh siad le feiscint sa Workman’s Club ar an gCéadaoin beag seo chomh maith, áit a mbeidh siad ag seinnt cuid dá saothar nua. Bog Rock do na Gaeil atá scaipthe ar fud an domhain a thugann siad ar an stíl atá acu… meascán de cheol ó uirlisí punc-rac agus uirlisí traidisiúnta fite fuaite lena chéile. Cúig euro costas na dticéad, agus trí euro dóibh siúd atá dífhostaithe!

Níos mó