Tá fainic á cur ag Banc Ceannais na hÉireann go bhféadfadh Breatimeacht gan mhargadh nó Breatimeacht ‘mí-eagraithe’ an fiachas náisiúnta a dhéanamh níos measa.
Thug an Banc Ceannais rabhadh go bhféadfadh ardú €22 billiún a theacht ar an bhfiachas náisiúnta sna cúig bliana seo amach romhainn agus go mbeadh drochthionchar ag a leithéid d’ardú ar an airgeadas poiblí.
Thug an banc ceannais le fios freisin gur mheasa fós an dochar a dhéanfaí don airgeadas poiblí sa chás go dtarlódh Breatimeacht gan mhargadh agus laghdú ar an gcáin chorparáide a bhaileodh an Státchiste.
Tugadh an rabhadh sin i ‘litir eacnamaíochta’ ‘dar teideal ‘Debt and Uncertainty: Managing Risks to the Public Finances’ a foilsíodh inniu.
De réir na tuairisce, tá breis agus €40,000 d’fhiacha ar gach fear, bean is páiste sa tír seo ón bhfiachas náisiúnta, an fiachas is airde in aghaidh an duine i limistéar an euro.
Sa gcás go dtarlódh Breatimeacht ‘mí-eagraithe’ agus laghdú ar an cháin corparáideach, measann an Banc Ceannais go bhféadfadh an cóimheas idir fiachas agus ioncam an rialtais ardú idir 10% agus 20% thar mar atá sna réamh-mheastacháin faoi láthair.
Deirtear i ráiteas an Bhainc gurb é a meastachán caol féin go dtiocfaidh laghdú €3 billiún sa mbliain ar an teacht isteach a bheidh ag an tír ó cháin chorparáide de bharr athruithe ar rialacha cánach agus cúrsaí eacnamaíochta an domhain a bheith ag fuarú.
Rinne an Banc Ceannais achainí arís ar an Rialtas aon ioncam a thiocfaidh ó cháin amhantair i mbliana a chaitheamh ar an bhfiachas náisiúnta a laghdú.