Tá beirt as gach triúr den tuairim gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta ar fhágáil na scoile dóibh.
De réir pobalbhreith nua a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, 64% den phobal a chreideann gur chóir an córas oideachais a leasú ar mhaithe leis an nGaeilge.
32% díobh siúd a ceistíodh a d’aontaigh go láidir leis an áiteamh gur chóir an córas a athrú le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta agus iad á fhágáil.
D’aontaigh 65% de dhaoine idir 15-24 bliain d’aois leis an áiteamh sin.
De réir na pobalbhreithe creideann 63% gur cheart polasaí náisiúnta nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge a cheanglódh le chéile gach leibhéal den chóras, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.
Tá a leithéid de pholasaí ar cheann de na móréilimh atá ag Conradh na Gaeilge.
Dhiúltaigh an tAire Oideachais Joe McHugh mí Eanáir don phlean sin.
Dúirt sé sa Dáil gur leor a bhfuil faoi chúrsaí oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais agus nach gá plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge dá réir.