Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cás conspóideach Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn, anois á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.
Tuigtear go bhfuil an cás a fhiosrú ar an mbonn go bhfuil gearán déanta leis an gCoimisinéir go bhfuil údaráis na scoile ag sárú gealltanais i scéim teanga de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, an LMETB.
Tá Coláiste Lú go mór i mbéal an phobail mar gheall ar aighneas faoin soláthar oideachais lán-Ghaeilge ann.
Deirtear i scéim teanga LMETB go bhfuil dhá “iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoina gcúram, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Coláiste Lú. Tugtar le fios gur i mBéarla amháin atá scoileanna eile go léir an Bhoird á reáchtáil.
Ní raibh urlabhraí ó oifig an Choimisinéara Teanga sásta a dheimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an cás a fhiosrú toisc, a dúirt sé, nach ndéantar ráiteas ar bith faoi chásanna ar leith.
Ó thús na scoilbhliana seo tá níos lú ábhar á múineadh trí Ghaeilge do dhaltaí an aonaid agus iad curtha isteach i ranganna na ndaltaí atá á múineadh trí Bhéarla d’ábhair áirithe.
Deir an grúpa tuismitheoirí a bhfuil baint acu leis an aonad gurb amhlaidh go bhfuil Coláiste Lú “ar leaba á bháis” agus go bhfuil iarracht á déanamh “a ainm a scrios”.
Maíonn an LMETB agus údaráis na scoile gur easpa acmhainní agus múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu is cúis leis an athrú seo.
Dúirt Príomhoide Choláiste Chú Chulainn, Tomás Ó Searcaigh, ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur ganntanas múinteoirí ba chúis leis an athrú san aonad agus nach bhféadfadh sé “óna chroí istigh” geallúint a thabhairt do thuismitheoirí go bhféadfaí oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sa scoil.
Deir tuismitheoirí Cholásite Lú gurb amhlaidh go bhfuil “athrú éitis” i gceist le cur chuige na scoile i leith an aonaid agus an oideachais lán-Ghaeilge.
Deir na tuismitheoirí atá i mbun agóide faoin tsáinn maidir leis an aonad Gaeilge go bhfuil iarracht ar bun Coláiste Lú “a ghlanadh” den saol.