Tá briseadh síos curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais ar na contaetha is láidre agus na contaetha is laige ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge.
Mar a tuairiscíodh anseo cheana, is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.
De réir figiúirí a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce i mbliana níor tháinig ach 2.6% d’ardú ar líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ó 2016 i leith agus 4.8% de mhéadú a tharla ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.
6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.
Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.
Líon na ndaltaí sa stát atá ag fáil oideachas Lán-Ghaeilge | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|
Bunscoil | 2016 | 2017 | 2018 | |||
Daltaí | Scoileanna | Daltaí | Scoileanna | Daltaí | Scoileanna | |
Sa Ghaeltacht | 7,341 | 102 | 7,389 | 101 | 7,344 | 100 |
Lasmuigh den Ghaeltacht | 36,784 | 146 | 37,234 | 147 | 37,934 | 147 |
Iomlán | 44,125 | 248 | 44,623 | 248 | 45,278 | 247 |
Iarbhunscoil | 2016 | 2017 | 2018 | |||
Daltaí | Scoileanna | Daltaí | Scoileanna | Daltaí | Scoileanna | |
Lasmuigh den Ghaeltacht | 9,414 | 28 | 9,731 | 28 | 9,990 | 28 |
Sa Ghaeltacht | 3,044 | 20 | 3,050 | 20 | 3,065 | 21 |
Iomlán | 12,458 | 48 | 12,781 | 48 | 13,055 | 49 |
De réir an eolais nua atá curtha ar fáil ag an Roinn, is i gcathair na Gaillimhe is láidre atá an gaeloideachas agus nach mór 25% de na daltaí bunscoile ansin ag fáil oideachais lán-Ghaeilge. Is i gcontae an Chabháin atá an céatadán is lú daltaí ag fáil oideachais lán-Ghaeilge, 0.7% nó 73 dalta. Seachas na contaetha Gaeltachta is i Muineachán is láidre atá an gaeloideachas agus 11% de na daltaí ansin ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Léiríonn na figiúirí nua go bhfuil maolú le tamall ar an bhfás a bhí ar an ngaeloideachas san am a caitheadh. Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.
De réir figiúirí a chuir na ranna oideachais ó thuaidh agus ó dheas ar fáil do Tuairisc.ie, tá beagán os cionn 5% de dhaltaí uile na hÉireann ag fáil oideachais lán-Ghaeilge.
Bhí os cionn 1.2 milliún dalta ag fáil oideachas bunscoile nó iarbhunscoile in Éirinn in 2018 agus astu siúd, tá 63,594 acu ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge amháin.
Fuair 5,261 dalta oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh in 2018.
Ciallaíonn sé sin gur 1.7% de na daltaí uile ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.
D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo caite athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna ó dheas, athrú a fhágfaidh gur chóir go mbeidh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.
Faoin gcur chuige nua, sa chás go mbeidh bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmneofar an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirfear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.
Lena chois sin, sa chás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú i limistéar pleanála scoile idir 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin ina Gaelscoil.
ID | % Daltaí | Líon na ndaltaí |
Líon na scoileanna |
---|---|---|---|
Comhairle Cathrach na Gaillimhe | 24.4 | 1860 | 4 |
Comhairle Chontae na Gaillimhe | 17.5 | 4017 | 40 |
Comhairle Contae Dhún na nGall | 14.7 | 2770 | 37 |
Comhairle Cathrach Chorcaí | 12.9 | 1758 | 6 |
Comhairle Chontae Mhuineacháin | 11.1 | 875 | 4 |
Comhairle Contae Chorcaí | 10.7 | 5377 | 22 |
Comhairle Contae Chiarraí | 9.7 | 1556 | 18 |
Comhairle Chontae Chill Mhantáin | 9.7 | 1759 | 6 |
Comhairle Chontae na Mí | 8.8 | 2402 | 10 |
Comhairle Chontae Chill Dara | 8.7 | 2568 | 7 |
Comhairle Contae Átha Cliath Theas | 8.4 | 3040 | 9 |
Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Luimnigh | 8.4 | 1936 | 6 |
Cathair agus Comhairle Contae Phort Láirge | 8.4 | 1208 | 7 |
Comhairle Contae Mhaigh Eo | 8.2 | 1183 | 14 |
Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin | 8 | 1618 | 6 |
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | 7.1 | 3362 | 14 |
Comhairle Contae Cheatharlach | 6.3 | 482 | 1 |
Comhairle Chontae na hIarmhí | 5.7 | 645 | 3 |
Comhairle Contae Fhine Gall | 5.6 | 2159 | 6 |
Comhairle Chontae Liatroma | 5.3 | 198 | 2 |
Comhairle Contae Thiobraid Árann | 4.8 | 889 | 5 |
Comhairle Contae an Chláir | 4.7 | 646 | 4 |
Comhairle Chontae Chill Chainnigh | 4 | 454 | 1 |
Comhairle Contae Loch Garman | 3.6 | 665 | 3 |
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí | 3.6 | 349 | 3 |
Comhairle Chontae Laoise | 3.5 | 404 | 3 |
Comhairle Chontae Shligigh | 3.2 | 244 | 1 |
Comhairle Chontae an Longfoirt | 3.2 | 176 | 1 |
Comhairle Contae Lú | 2.6 | 446 | 2 |
Comhairle Chontae Ros Comáin | 2 | 159 | 1 |
Comhairle Chontae an Chabháin | 0.7 | 73 | 1 |