Tá ráite ag ministéir aitheanta ón Eaglais Phreispitéireach gur chóir d’Aontachtóirí tacú le hacht Gaeilge a thabhairt isteach ar mhaithe le stop a chur le reachtaíocht faoi ghinmhilleadh.
Ar chlár teilifíse ar an BBC, Good Morning Ulster, dúirt an tUrramach Trevor Gribben gur chóir “línte dearga” faoin nGaeilge a chur ar leataobh ar mhaithe le reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh sna sé chontae a sheachaint.
De réir an achta Northern Ireland (Executive Formation) a ritheadh in Westminster i mí Iúil i mbliana, mura mbeidh Tionól Stormont ag feidhmiú faoin 21 Deireadh Fómhair caithfidh an Rialtas in Westminster reachtaíocht a ullmhú ionas go mbeadh ginmhilleadh ar fáil i dTuaisceart Éireann.
Faoin reachtaíocht sin chaithfeadh na rialacháin chuí a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh an Mhárta 2020.
Tá ceist an achta Gaeilge ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh athbhunú Stormont.
Dúirt an tUrramach Gribben nár chóir reachtaíocht faoin nginmhilleadh a thabhairt isteach mura rachfaí i gcomhairle le pobal Thuaisceart Éireann agus deis a thabhairt dóibh “iniúchadh ceart” a dhéanamh uirthi.
“An rud atáimid a rá le gach grúpa go gcaithfidh gach dream a línte dearga a chur ar leataobh. Tá ginmhilleadh gan srian ró-thromchúiseach mar cheist le go mbeadh díospóireachtaí gan chiall ag daoine faoin nGaeilge. Tá na polaiteoirí tar éis ceist pholaitiúil a dhéanamh den Ghaeilge ag rá gur bun-éileamh atá inti. Ní hea,” a dúirt an tUrramach Gribben.
Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach do chuid de “chomhshaoránaigh’ na sé chontae, “Caitlicigh agus daoine ón gcúlra náisiúnach” ina measc.
“Mar sin níor chóir go mbeadh aon eagla orainn reachtaíocht stuama a thabhairt isteach agus na daoine sin atá ag iarraidh í a bhlocáil, is amhlaidh atá siad ag déanamh ár n-aimhleas. Tá an ginmhilleadh i bhfad níos tábhachtaí – ba chóir dúinn an Tionól a chur ag obair arís,” a dúirt an tUrramach Gribben.
Dúirt an tUrramach Gribben gur faoi na polaiteoirí atá sé cinneadh a dhéanamh filleadh ar Stormont agus go gcaithfidís sin a dhéanamh. “Ní haon údar imní an Ghaeilge do mo phobalsa,” a dúirt sé.
Tháinig an chaint sin ón Urramach Trevor Gribben i ndiaidh do na príomh-eaglaisí i dTuaisceart Éireann comhráiteas a eisiúint inar chuir siad in iúl an imní atá orthu faoin reachtaíocht faoina bhféadfadh Westminster, a deir siad “ginmhilleadh ar bheagán srianta” a bhrú ar na sé chontae.
Sa teachtaireacht sin iarrann Comhairle Éireannach na nEaglaisí agus na ceannairí ar Eaglais na hÉireann, an Eaglais Mhodhach, an Eaglais Phreispitéireach agus an Eaglais Chaitliceach, ar dhaoine a bheith ag guí ar son athraithe. Iarrann siad ar ionadaithe poiblí an t-athrú sin a dhéanamh chomh maith.
Deir na ceannairí eaglasta bhfuil “an chumhacht” ag páirtithe polaitiúla an Tuaiscirt “rud éigin a dhéanamh faoin scéal”. “Caithfidh siad ar fad dul sa seans agus na comhghéillte is gá a dhéanamh ar mhaithe leis na hinstitiúidí a chur ar bun arís.
“Iarraimid ar an Státrúnaí an Tionól a athghairm roimh an 21 Deireadh Fómhair chun deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara na céimeanna is gá a ghlacadh chun na dlíthe seo a chosc agus réiteach níos fearr a fháil i dTuaisceart Éireann ar na ceisteanna seo,” a deirtear sa chomhráiteas.
Dúirt Gráinne Teggart, an bainisteoir atá ar fheachtas Amnesty i dTuaisceart Éireann go ndéanfaí “díchoiriúlú” ar an 22 Deireadh Fómhair ach nárbh ionann sin agus “dírialáil”. Níl ann ach nach ndéanfar coirpigh de mhná a bheidh ag iarraidh cóir leighis, a dúirt sí.
Dúirt Teggart nárbh ionann dearcadh na n-eaglaisí agus dearcadh chuid mhór de phobal Thuaisceart Éireann atá ar son athrú ar an dlí.
“Troideadh ar son na gceart seo agus b’amaideach an mhaise d’aon pháirtí polaitíochta a mhalairt a cheapadh,” a dúirt sí.