Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sceinseir-dea-scriofa,-lan-luais-ata-i-‘tairngreacht’

Scéinséir dea-scríofa, lán luais atá i ‘Tairngreacht’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Éinne a bhfuil Rún an Bhonnáin léite aige tuigfidh sé a bheag nó a mhór a bhfuil i gceist le Tairngreacht, an t-úrscéal is déanaí ó Phroinsias Mac an Bhaird. Tugtar Dan Brown na Gaeilge ar an mBardach agus ní gan chúis é. Taitneoidh an leabhar is déanaí uaidh le daoine ar an mbonn céanna a dtaitníonn leabhair Brown leo, tá plota glic i gceist leis, déanann sé cur síos ar charachtair go leor agus iad ag streachailt in aghaidh fórsaí diamhara i suíomanna iomadúla spéisiúla. Gan trácht ar bhleaist cliffhangers.

Is é an Braonánach, iriseoir as Éirinn, is mó a leantar sa scéal, a bheatha i mbaol i rith an ama. Tá dúnmharú brúidiúil ar uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill feicthe aige sa Róimh. Tá dreamanna go leor in adharca a chéile agus ní léir an bhfuil éinne le trust agus gach cuma ar an scéal go gcuirfear na sluaite agus an Eaglais féin de dhroim seoil.

Measctar scéal Uí Bhraonáin agus stair Cholm Cille, chomh maith le grúpaí fanaiceacha reiligiúnda, cairdinéil agus Pápaí go leor. Titeann na himeachtaí amach in Éirinn, san Iodáil agus in Albain agus is léir eolas maith ag an údar ar na háiteanna a luaitear. Tá spéiseanna Mhic an Bhaird sa bhéaloideas agus sa stair le brath go mór ar an leabhar freisin.

Seans go sílfidh roinnt acu sin a bhfuil leabhair uile Dan Brown léite acu go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir roinnt de na pointí sa phlota. Mar sin féin cuireann na téada Éireannacha agus Albanacha a chuirtear le suíomh na Róimhe diminsean eile ar fad leis an insint. Thaitin Rún an Bhonnáin liom, go háirithe, ar an ábhar go raibh suíomhanna go leor as Éirinn le haithint ann, gan trácht ar mhionsonraí reatha Éireannacha, rudaí a mbainim pléisiúr ar leith astu.

Bhraitheas uaim beagán den mhéid sin in Tairngreacht ach ainneoin sin is léir go bhfuil forbairt tagtha ar lámh an úrscéalaí ón leabhar deiridh uaidh. Tá an scríbhneoir ar a chompord ag déileáil le suímh is carachtair iomadúla agus éiríonn leis na scéalta éagsúla a tharraingt le chéile go snasta.

Baintear úsáid chliste as traidisiún an bhéaloidis le craiceann na fírinne a chur ar ghnéithe den scéal. Téitear ag tochailt sa stair chun léiriú as an nua a chur ar tharlúintí agus ar mhiotais áirithe. Taighde fairsing ar ghrúpaí agus ar áiteanna go leor atá mar bhonn leis an leabhar, rud a chabhraíonn leis an léitheoir creidiúint i dtarlúintí an scéil, dá dhochreidte iad. Déantar ionramháil chliste ar an nuatheicneolaíocht mar chuid den phlota chomh maith.

Is léir go bhfuil LeabhairComhar ag teacht isteach níos mó ar an bhfoilsitheoireacht anois. Tá feabhas mór ar dhearadh an chlúdaigh le hais Rún an Bhonnáin a chuir cuma amaitéarach ar an bhfoilseachán úd.

Níl gan cháim an chóipeagarthóireacht, áfach. Tá méid áirithe botún cló ann. Chuirfeadh an méid sin duine ag cuimhneamh ar shlacht Cois Life, is é an trua iad a bheith ag imeacht uainn. Is féidir freisin go raibh an scríbhneoir pas beag róthrom ar chnaipe an chomhartha uaillbhreasa!

Ar an iomlán is scéinséir dea-scríofa, lán luais é Tairngreacht a spreag mé lena léamh in imeacht roinnt laethanta. Bhain an t-úrscéal an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais agus é tuillte aige dar liom. Ní leabhar trom é ach tá fad deas léitheoireachta ann, rud nach féidir a rá faoi roinnt leabhar ar tugadh úrscéalta orthu le tamall de bhlianta.

Is iomaí rud a thiteann amach sa leabhar agus bíonn fonn ort fáil amach cad é an chéad rud eile a tharlóidh. Cad eile a bheadh uait? Táim ag súil go mór leis an gcéad leabhar eile ó scríbhneoir seo Árainn Mhór.

Tairngreacht, 2018, LeabhairComhar, Praghas €12.00, Líon leathanach: 337

Níos mó