Tá cosaint déanta ag Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann ar a laghad Gaeilge atá ar shuíomh idirlín nua an cheardchumainn.
Níl d’ábhar Gaeilge le feiceáil ar phríomhleathanach shuíomh nua an INTO, ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí ar fud na tíre, ach seoladh na heagraíochta féin.
I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar Chumann Múinteoirí Éireann maidir lena laghad ábhar i nGaeilge atá le feiceáil ar shuíomh na heagraíochta, dúirt Ard-Rúnaí an Cheardchumainn, John Boyle, go mbíonn ábhar i nGaeilge ar fáil ar an suíomh “ó am go chéile”.
“Bhí lúcháir ar an INTO ár suíomh nua á sheoladh, suíomh a chuireann eolas poiblí ar fáil do dhaoine agus ábhar ar fáil dár mbaill i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Ó am go chéile, cruthaíonn muid ábhar i nGaeilge, a fhoilsítear ar an gcuid den suíomh atá le feiceáil go poiblí, lena n-áirítear póstaeir sheomraí foirne, scéalta nuachta, tuairiscí agus eile,” a dúirt John Boyle.
Mhaígh Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann gur “do bhaill atá cláraithe leis an gcumann amháin” atá “formhór an ábhair” ar an suíomh ar fáil agus go raibh “an-chuid ábhar, tuairiscí agus treoracha” ar fáil i nGaeilge do na baill sin.
Mar shampla den ábhar Gaeilge a foilsíodh ar leathanaigh phoiblí an tsuímh le déanaí, thagair Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann de “scéal nuachta agus póstaeir eolais” maidir le painéal múinteoirí Gaeilge atá á earcú ag an Fhoras Taighde ar Oideachas.
Is ábhar é sin a bhaineann go sonrach le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna.
Agus é tagairt do ráiteas John Boyle, dúirt Mícheál S. Mac Donnacha, Rúnaí Chraobh IarChonnacht den INTO, gur chóir go mbeadh “gach rud” ar shuíomh an cheardchumainn á chur ar fáil go dátheangach dá mbaill ach gurb amhlaidh gur “ina dhiaidh a chuimhnítear ar an nGaeilge i gcónaí”.
“Sa lá atá inniu ann, agus an t- uafás múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus múinteoirí i ngaelscoileanna ina mbaill den eagraíocht, ba chóir go mbeadh polasaí láidir dátheangach ag Cumann Múinteoirí Éireann. Níl sin amhlaidh,” a dúirt Mac Donnacha.
Dúirt Rúnaí Chraobh IarChonnacht de Chumann Múinteoirí Éireann gur mheas sé gur “ag cúlú” a bhí an eagraíocht le roinnt blianta anuas ó thaobh an fhreastail a dhéantar ar a mbaill sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge.
“Tá an ceardchumann tite siar go mór maidir leis an ábhar Gaeilge a chuirtear amach. Nuair a thosaigh mé leis an gcraobh bhí níos mó ábhar Gaeilge á chur amach ná mar atá anois. In áit a bheith ag fáil níos fearr tá sé ag fáil níos measa.
“Is múinteoirí ó scoileanna Gaeltachta ar fad atá sa chraobh agamsa. Uaireanta, bíonn orm ábhar a chur chucu i mBéarla agus is masla é sin do mhúinteoirí na Gaeltachta. Uaireanta eile, aistrím féin an t-ábhar. Níl sé sin ceart,” a dúirt Mac Donnacha.
Mhol Mac Donnacha go gcuirfí “ar a laghad” príomhtheachtaireachtaí agus ábhar bolscaireachta agus poiblíochta an cheardchumainn amach chuig na baill go dátheangach.
Shéan Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann go raibh easnamh ar bith ar shuíomh nua na heagraíochta ó thaobh na Gaeilge agus dúirt sé go raibh an ceardchumann “tiomanta ar fad do chur chun cinn an pholasaí oideachais don Ghaeltacht”.