€1 milliún breise d’airgead caipitil atá curtha ar fáil do TG4 i mBúiseád 2020.
Tá TG4 ag iarraidh go méadófaí an maoiniú a fhaigheann an stáisiún ón státchiste ó €32.79 milliún go dtí €41.4 milliún faoi 2022.
Mar sin cé go mbeidh fáilte roimh an airgead caipitil breise ní dócha go maolóidh an méadú beag don stáisiún ar an tuairimíocht gur buiséad an-lag ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí i mBuiséad 2020.
Mhol an BAI mí Dheireadh Fómhair seo caite go dtabharfaí €6 milliún breise do TG4 in aghaidh na bliana chun go mbeadh an stáisiún inmharthana.
Urlabhraí ón Roinn Cumarsáide. Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a dheimhnigh do Tuairisc.ie gur milliún breise a bheadh ar fáil don stáisiún Gaeilge in 2020.
“Tá €1 milliún breise de mhaoiniú caipitil faighte do TG4 i mBuiséad 2020. Foilseofar na sonraí maidir leis an soláthar seo sna Meastacháin Athbhreithnithe i mí na Nollag,” a dúirt an t-urlabhraí.
Tugadh rabhadh sa tuarascáil bhliantúil is déanaí a d’fhoilsigh TG4 nach mbeidh an stáisiún ábalta a spriocanna a bhaint amach maidir le cláir Ghaeilge agus eile mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil dó.
Bhí níos lú ná aon trian den ábhar a craoladh ar TG4 anuraidh dírithe ar phobal na Gaeilge agus is in olcas a rachaidh an scéal mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún.
Thit céatadán na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar lucht féachana na Gaeilge 14% in 2018 i gcomparáid le 2017.
Ina ráiteas sa tuarascáil sin, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont nach n-éireoidh le straitéis an stáisiúin mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil.
Deirtear go raibh €3 milliún níos lú sa bhuiséad in 2018 ná mar a bhí ag teastáil de réir straitéis cúig bliana an stáisiúin.