Tá ráite ag an bhfeisire Eorpach de chuid Fhine Gael Seán Kelly, go bhfuil imní air faoin easpa Gaeilge a labhraítear i bParlaimint na hEorpa.
“Is mise an t-aon fheisire a labhraíonn Gaeilge sa Pharlaimint anois. Tá imní orm faoi seo agus tá sé i gceist agam ateangaire a fháil isteach agus na feisirí Éireannacha ar fad a thabhairt le chéile le fáil amach cén sórt cabhair is féidir a thabhairt dóibh agus chun a thaispeáint dóibh gur féidir leo roinnt dá gcuid óráidí a dhéanamh i nGaeilge sa pharlaimint,” a dúirt an Feisire Parlaiminte do thoghcheantar an deiscirt.
Dúirt Ó Ceallaigh le Tuairisc.ie go raibh imní air faoin “titim mhór” ar an méid Gaeilge a labhraíodh sa pharlaimint le roinnt blianta anuas.
Nuair a toghadh Ó Ceallaigh den chéad uair deich mbliana ó shin, bhí ceathrar feisirí ina theannta “a labhair Gaeilge go rialta”, a dúirt sé.
Pat de Cope Ó Gallchóir, Joe Higgins, Bairbre de Brún agus Proinsias de Rossa na feisirí sin.
Sa pharlaimint dheireanach, ba iad Liadh Ní Riada, an t-iar-fheisire de chuid Shinn Féin as Gaeltacht Mhúscraí, agus Seán Ó Ceallaigh féin an t-aon bheirt i measc na bhfeisirí de chuid na hÉireann a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Níor labhair Phil Hogan, atá roghnaithe ina choimisinéir trádála don pharlaimint nua, oiread agus focal amháin Gaeilge agus é i mbun éisteachta trí uair an chloig os comhair na gcoistí sa Bhruiséil an tseachtain seo caite.
Cé go raibh seirbhísí ateangaireachta Gaeilge ar fáil agus cuireadh tugtha ag an chathaoirleach dó an Ghaeilge a labhairt, ní raibh aon Ghaeilge san óráid nó ina chuid freagraí ag Hogan.
Déanfaidh comhdháil na nUachtarán cinneadh ar an 17 Deireadh Fómhair cibé an bhfuil a ndóthain eolais ag an bParlaimint le próiseas na n-éisteachtaí a thabhairt chun críche. Má bhíonn siad sásta leis an eolas ar fad, glacfar vóta ag cruinniú iomlánach faoi cé acu a dtoghfar nó nach dtoghfar an Coimisiún ar fad ar an 23 Deireadh Fómhair in Strasbourg.