Tá ráite ag Colm O’Rourke, duine de na príomhoidí scoile is mó cáil sa tír, gurb ionann an tslí a chaitear leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus an “institutional assassination of the subject”.
Bíonn tuairimí láidre ag an tráchtaire CLG agus iarpheileadóir faoi mhúineadh na Gaeilge agus b’amhlaidh nár chuir sé aon fhiacail ann arís inné agus é ag tagairt ina cholún nuachtáin don chur chuige maidir leis an nGaeilge sa tSraith Shóisearach nua.
“Is buaiteoir an uile dhuine anois sa tSraith Shóisearach, agus tá ceisteanna ann for na modhanna atá curtha chun cinn ag an NCCA i gcásanna áirithe. Tóg an Ghaeilge, mar shampla. Níl aon scrúdú cainte leagtha síos don tSraith Shóisearach.
“Anois is féidir leat cur i láthair ó bhéal a dhéanamh nach fiú mórán é, ach ba chóir go mbeadh scrúdú cainte Gaeilge ann don uile dhalta agus go mbeadh pas nó teip an dalta – ar ndóigh níl cead na téarmaí sin a úsáid níos mó – ag brath den chuid is mó ar a chumas an teanga a labhairt. Ina áit sin, téann daltaí ar aghaidh go dtí an Ardteist agus gan aon tástáil chainte curtha orthu.” a scríobh Colm O’Rourke atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh.
Ina cholún ar an Sunday Independent, dúirt O’Rourke go raibh lúb ar lár sa chóras maidir leis an nGaeilge.
“Ní hé an teagasc an fhadhb atá ag an nGaeilge, ach an curaclam amaideach nach gcothaíonn labhairt na teanga. Labhraíomar go léir Béarla sula rabhamar in ann é a scríobh, agus ba chóir go mbeadh an rud céanna i gceist leis an nGaeilge. Is é atá againn ná feallmharú institiúideach an ábhair – go leor airgid á chaitheamh air agus iontas orainn ansin nach bhfuil sé ag oibriú. Is gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcuraclam.”
Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a dhéanfadh é.
Rinne eagraíochtaí teanga agus lucht gaeloideachais cáineadh láidir ar an gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú roghnach.